An Chláirseach



An té a grádh cruit is cláirseach,
Glór filí, amhráin is dánta,
Gránn na nithe atá dil
Thuas ar Neamh ag na haingil.

Caoin a bhíos glór binn na n‑éan
Ar chluais bheo ar mhaidin ghlé;
B’fhearr liom féinig fuaim véarsaí
gceol le béim ar théad’ cláirsí.

Breá le bodach faoin bhráithlín
Gliogaram sníomha an tuirnín lín,
Breá liom féinig, go bhfóire Dia,
Fuaim is cling na dtéad, dar fia!

Íomhá na dtéad, íomhá na cláirsí,
Íomhá ghléis thiúnta den óir greanta,
Faoi na méara, ach ó, go mbeadh
Íomhá mo chroí go ceannann céanna.

Cuirigí mé nuair a bheidh mé marbh,
Ins an gcoill faoi scáth na darach,
Sibhse a fheicfidh fear óg ceannbhuí
Ar mo uaigh ag ceol cláirsí.

Dán sa Bhreatnais, ‘Y Delyn’, le file anaithnid.
Aistriúchán: Barry Tobin.





Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Hafan / Home / Baile.