Bás Teaghlaigh



Tháinig an gorta agus bhí ar Síle, ar a hathair, ar a máthair agus ar Diarmaidín dul síos go Machromtha agus isteach i dtigh na mbocht.

Nuair a bhíodar istigh ann scaradh óna chéile iad.

Cuireadh an t‑athair i measc na bhfear.

Cuireadh an mháthair i measc na mban.

Cuireadh Síle i measc na gcailíní beaga.

Cuireadh Diarmaidín i measc na leanaí níos óige ar fad.

Bhí an tigh go léir, agus na daoine bochta ann, lán le gach saghas breoiteachtaí. Na daoine, chomh luath agus thagaidís isteach, ag titim le laige agus iad ag fáil bháis chomh tiubh agus thagadh an galar orthu.

Ní raibh slí dá leath sa tigh. Ní dheinidís, an méid ná raibh ábalta dul isteach, ach luí síos ar phort na habhann. Bhídís ansin gach maidin, sínte ina sraitheanna ann, cuid acu ag corraí agus cuid acu socair go leor.

Tagtaí ar ball agus tógtaí an chuid acu ná bíodh ag corraí, agus cuirtí isteach i dtrucailí iad agus beirtí suas iad go háit in aice le Carraig an Staighre mar a raibh poll mór leathan doimhin, agus cuirtí síos sa pholl san le chéile iad. Deintí an rud céanna leis an méid a bhíodh marbh istigh sa tigh tar éis na hoíche.

Ní ró‑fhada, tar éis dul isteach dóibh, agus tar éis scarúint lena mháthair dó, go dtáinig an bás ar Dhiarmaidín. Caitheadh in airde ar an trucail an corp beag agus rugadh suas go dtí an poll mór é, agus caitheadh isteach ann é leis na coirp eile.Níorbh fhada gur lean Síle Diarmaidín.

Bhí an t‑athair agus an mháthair ag fiafraí agus ag ceistiú chomh minic agus ab fhéidir leo i dtaobh Shíle agus Dhiarmaidín. Ní raibh an bheirt i bhfad tar éis bháis nuair a chualadar é.

Nuair a fuair an t‑athair agus an mháthair amach go raibh an bheirt leanbh marbh shocraíodar ar éaló as an áit. Cáit ab ainm don mhnaoi.

Shleamhnaigh Pádraig amach ar dtúis.

Stad sé i mbarr an bhóthair ag fanúint le Cáit.

I gceann tamaill chonaic sé ag teacht í, ach bhí sí ag siúl an‑réidh. Bhí an bhreoiteacht uirthi.

Dimíodar leo suas i dtreo Charraig an Staighre.

Thánadar chun na háite ina raibh an poll mór. Bhí fhios acu go raibh an bheirt leanbh thíos sa pholl san i measc na gcéadta corp eile.

Stadadar in aice an phoill agus ghoileadar a ndóthain.

D’fhágadar an poll mór, agus thugadar aghaidh ar an Doire Liath, mar a raibh a mbothán.

Bhí an áit sé mhíle slí uathu agus an oíche ag teacht, ach thiomáineadar ar aghaidh.

Bhí an t‑ocras orthu agus bhí an bhreoiteacht ar Cháit. B’éigean dóibh siúl an‑réidh.

Nuair a bhí cúpla míle den tslí curtha dhíobh acu b’éigean do Cáit stad.

Ní raibh sí ábalta dul níos faide.
Casadh comharsa orthu.

Tugadh deoch agus blúire bia dhóibh, ach ní ligfeadh scanradh d’éinne bheith istigh a thabhairt don bheirt toisc iad a bheith tar éis teacht ó thigh na mbocht, agus an droch‑bhreoiteacht a bheith ar an mnaoi. Níor dhein Pádraigh ach í a thógaint chuige ar a dhrom agus thiomáin sé leis go dtí an bóthán.

Bhí an fear bocht féin lag go maith.

Bheadh sé dian air an tslí a chur de gan aon ualach a bheith air.

Nuair a bhí an t‑ualach air b’éigean dó stad go minic agus an t‑ualach a ligean uaidh siar ar thaobh an bhóthair ar feadh tamaill.

Ach pé tuirse a bhí air lean sé ag cur na slí dhe.

Níor scar sé leis an ualach.

Shrois sé an bothán.

Bhí sé fuar folamh roimhe, gan tine gan teas.

An mhaidin ina dhiaidh sin tháinig comharsa chun an bhotháin. Chuaigh sé isteach. Chonaic sé an bheirt istigh agus iad marbh. Bhí dhá chois a mhná istigh ina bhrollach ag Pádraig, fé mar a bheadh sé ag iarraidh iad a théamh. Dhealródh an scéal gur mhothaigh sé an bás ag teacht ar Cháit agus a cosa fuar, agus gur chuir sé a cosa isteach ina bhrollach féin chun an fuacht a bhaint astu.

Deineadh na mílte gníomh dá shórt in éirinn an uair sin agus níor dhein éinne puinn ionadh dhíobh. Dar le gach éinne níor dhein Pádraig ó Buachalla ach an rud a dhéanadh aon fhear gurbh fhiú é Críostaí a thabhairt air.



Bunaithe ar eachtra sa leabhar Mo Scéal Féin leis an tAthair Peadar Ó Laoghaire (1839‑1920).

Tá an leabhar seo le fáil ar iasacht as an mbailiúchán de leabhair sa Ghaeilge i Lárleabharlann na Cathrach, Caerdydd.

Cymraeg

English

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Bailiúchán John Breese / John Breese Collection

Baile / Home