Bás i nGorta



Sin mar fuair Tuathal Mór is Síle Bhán bás. Agus cé leis a dtig na laethe deireannacha a chaith siad ar an tsaol seo a shamhailt? Ní thig linn a dhath a shamhailt ach iad caite ansin ar an urlár ar dhá thaoibh an teallaigh agus iad ag stánadh ar a chéile le súile an daill. Níl a fhios againn cé acu an chéad duine a fuair bás. Ná an raibh an oiread meabhrach ag an té a bhí beo is go raibh a fhios aige go raibh an duine eile marbh. Níl de chuntas againn orthu ach go raibh an bheirt ina luí marbh ar an urlár nuair tháinig fear na comharsan chun an tí ag cur a dtuairisce.

Ach tig linn amharc siar ar a saol mar damharcfaimis ar phictiúirí reatha a bheadh ina rith thart linn, ceann i ndiaidh a chinn eile. Tchímid bainis i gCarn na Madadh agus an scarfaire is an spéirbhean ar an urlár os coinne a chéile agus iad ag damhsa . . . . Siúd anois iad amuigh ar mhullach an aird. Tá an ghealach iomlán agus í mar bheadh sí ag cur draíochta orthu. . . . An cleamhnas agus an pósadh.

Síle Bhán ag gabháil a chónaí go hOileán Eala. An chéad duine clainne a bhí acu; gasúr breá, agus an t-athair ag cuntas na mbliantach go mbíodh an mac leis ar an bhád. Ina dhiaidh sin cúpla pictiúr eile. Bád dá síabadh thar chrioslach na mara de lá is de oíche go dtí go dtáinig sí i dtír in Albain. Síle Bhán dá cloí is dá caitheamh le brón, go dtí sa deireadh go dtáinig Tuathal aníos an t-urlár chuici, mar thiocfadh sé chuici ó mharbhaibh.

Ina dhiaidh sin arís tchímid iad ag teacht go tír mór agus ag déanamh tí i nGleann Locha. Fir an bhaile ag cuidiú leo. Tráthnóna deas samhraidh agus Tuathal is Síle ag amharc ar an méid den teach a bhí déanta, agus aoibh lúcháireach orthu. . . .

Tchímid iad ina gcónaí ina dteach féin agus beirt pháistí acu.

Ansin pictiúr a chuireas iontas is uafás orainn maidin ghréine i ndeireadh samhraidh agus barra na bprátaí smólta feoite, chomh dubh le gualach agus chomh lom le slata pota, mar thiocfadh splanc as an spéir agus scriosfadh sí iad. . . .

ó phictiúr go pictiúr, go dtí an pictiúr deireanachdhá chorp chaite sgilte sínte le taoibh a chéile gan cónair gan taiséadach agus fir na comharsan ag cur créafóige orthu.


As an úrscéal, ó Mhuir go Sliabh, le Máire (Séamus ó Grianna, 1889 - 1969), B.á.C., 1961.



Tá an leabhar seo i measc na leabhar sa Ghaeilge atá le fáil ar iasacht i Lárleabharlann na Cathrach, Caerdydd.

Sa Bhéarla / In English.

Sa Bhreatnais / Yn y Gymraeg

Sliocht eile as an úrscéal seo sa Bhéarla

Lá 'Le Pádraig 2002 (sa Bhéarla)

Dydd Gŵyl Padrig 2002

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’ r Wyddeleg

Baile / Home / Hafan