Breandán Ó Beacháin (1923 – 1964)



Brendan Behan, Réabhlóidí, Óglach, File, Drámadóir, Craoltóir, Scéalaí, Amhránaí, Réice, Pótaire agus eile…

Rugadh Brendan i mBÁC sa bhliain 1923. Bhí a athair sa bpriosún mar bhí sé le de Valera nuair a bhí ‘Cogadh na gCarad’ ar siúl. D’fhág sé an scoil nuair a bhí sé a 14. Chuaigh sé amach ag obair lena athair a bhí ina phéinteálaí tithe. Níos déanaí chuaigh Brendan isteach in ‘Óglaigh na hÉireann’. Bhí sé ar dhiúté leo i Londain sa bhliain 1939 nuair a bhí buamáil sa chathair sin. Chaith sé seal (1939 - 1941) sa ‘Borstal’ i Suffolk dá bharr. Nuair a bhí sé san áit sin thosnaigh sé ar aithne a chur ar Shasanaigh mar dhaoine don chéad uair ina shaol. Ag an am céanna bhí seans aige léamh go tiubh.

Nuair a tháinig sé amach chuir na póilíní ar ais go hÉirinn é. In Éirinn dhein sé iarracht in aisce bleachtaire a mharú agus chaith sé cúig bhliain dá bharr le hóglaigh eile i gcampa géibhinn ar Churrach Chill Dara. Is sa ‘jailteacht’ sin a d’fhoglaim sé an Ghaeilge. Nuair a tháinig sé amach chuaigh sé ar ais ag péinteáil tithe lena athair. Ag an am céanna bhí sé ag léamh agus ag smaoineamh. Bhí cónaí aige lena mhuintir i dtuaisceart na cathrach. Bhí go leor de na daoine beo bocht, gan fiú obair phéinteála acu. Ní hannamh go raibh ubh bheirithe amháin ar an mbord i gcóir teaghlaigh. Is ar an ábhar sin go raibh sé ina shóisealach amach is amach.

Chuaigh sé go dtí an Bhlascaod Mhór agus chuir sé snas ar a chuid Gaeilge. Chonnaic sé saol na ndaoine ansin, ar an dé deiridh, tréigthe ag de Valera, ag an eaglais agus ag bocaí móra Chonradh na Gaeilge. Bhí cúpla drámaí scriofa aige roimhe seo sa Bhéarla atá caillte anois. Ag an am céanna bhí saol na n-amhrán agus an cheoil go láidir ag a mhuintir.

Bhain a dheartháir Dominic clú mór amach mar amhránaí agus mar chumadóir amrán – beidh cuimhne go deo ar ‘Liverpool Lou’. Ba uncail dó Peadar Kearney (1883 - 1942), a chum ‘Amhrán na bhFiann’ agus bhí uncail eile ina bhainisteoir ar an ‘Queen’s Theatre’ sa chathair. Scéalai agus amhránaí ab ea a mháthair a mhair go dtí níos mó ná nócha bliain – tháinig CD dá hamhráin amach sara bhfuair sí bás ins na hochtóidí.

Le cúlra mar sin ní haon íonadh gur éirigh leis cúpla drámai a scríobh a bhí agus atá ar na drámaí ba mhó a scríobh duine ar bith in Éirinn riamh. Ach mar sin féin ba bhocht an fháilte a fuair a chéad cheann, ‘The Quare Fellow’ (1954), nuair a bhí sé ag iarraidh é a léiriú don chéad uair. Ní raibh suim ag an Amharclann na Mainistreach (Abbey Theatre) ná ag an Gate ná ag an Olympia. Sa deireadh ghlac amharclann bheag leis. Ní raibh ach 56 suíochán san Pike Theatre! Thit an lug ar an lag ar na daoine a bhí ann don chéad léiriú sin agus chuaigh an scéal amach in Éirinn agus thar lear go raibh Seán O’Casey nua ann.

Chuaigh an dráma go Londain agus go Nua Eabhrach ina dhiaidh sin agus sa deireadh go dtí an Abbey Theatre féin. Níor fhoglain an Abbey an cheacht, áfach, mar nuair a tháinig John B. Keane (uncail Fergal Keane) go BÁC lena chéad dráma ‘Sive’ (1959), níor ghlac an Abbey leis!

Tar éis ‘The Quare Fellow’ scríobh Brendan dráma sa Ghaeilge. Bhí an chéad léiriú de ‘An Giall’ (1958) in amharclainn bheag i mBÁC. Sa bhliain chéanna tháinig sé amach sa Bhéarla faoin teideal, ‘The Hostage’. Bhí an chéad léiriú i Londain.

Um a’ dtaca so bhí clú ag Brendan mar phótaire. Tháinig sé ar theilifís an BBC sa bhliain chéanna agus é caoch bagarthach lasánta cosúil le tincéar lá aonaigh. Bhí a fhios ag na meáin go raibh Paddy Gaelach eile acu agus tháinig cuirí chuige ó chian is ó chóngar. Ghlac sé leo go léir, beagnach, agus thosnaigh sé ag ól geall le capall. Ní raibh a chorp ábalta cur suas léis go ceann i bhfad agus fuair sé bás sa bhliain 1964 nuair a bhí se 41 d’aois.

Seo sampla gearr dá chuid filíochta :

UAIGNEAS

Blas sméara dubh’
tréis báisteach
ar bharr an tsléibhe.

I dtost an phriosúin
feadaíl fhuar na traenach.
Cogar gáire beirt leannán
don aonarán
.

Barry Tobin a scríobh.



Breandán Ó Beacháin – Go Raibh Míle Maith Agat!
Alt gearr sa Bhéarla / a short article in English.

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg.

Baile / Home.