An Briathar Saor: Iris sa Ghaeilge ón Bhreatain Bheag



‘Sé An Briathar Saor ainm na hirise ar fhoilsíodh ceithre eagrán di i gCaerdydd na Breataine Bige idir 1994 agus 1997 chun teagmháil a chothú idir na daoine úd ar fud na Breataine Móire a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.

Ins na nóchaidí luath d’fhás grúpa neamhfhoirmiúil anseo i gCaerdydd timpeall rang Gaeilge a bhunaigh Barry Tobin ins na hochtóidí. Corcaíoch atá ina chónaí i gCaerdydd ó 1960 i leithis ea é.
Ar na daoine a tháing go dtí an rang Gaeilge sin bhí Patrick Egan, éireannach eile, as Contae na hIarmhí, a raibh Gaeilge meánscolaíochta aige cheana féin. Sa bhliain 1993 cheannaigh Patrick ríomhaire baile Apple Mac agus tar éis roinnt míonna ag iomrascáil leis an teicneolaíocht nua seo bhí sé de ghustal aige a rá leis an gcuid eile againn go raibh sé in am dúinn triail a bhaint as iris sa Ghaeilge a chur amach.

Bhí go maith agus ní raibh go holc.

Bhí cruinniú againn, baill den ghrúpa neamhfhoirmiúil thuasluaite, ar an 23 Eanáir, 1994 lenár gcumann nua foirmiúil, Comhluadar Caerdydd (‘Caerdydd’ = ‘Cardiff’ sa Bhreatnais), a bhunú. I láthair ag an gcruinniú sin bhí na daoine seo a leanas :

John Breese, a raibh an Bhreatnais ó dhúchais aige agus a fuair bás i Mí na Nollag na bliana céanna; Ruaidhrí Ó Broin, ealaíontóir a rugadh i Sasana do thuismitheoirí as Éirinn; Farouk Daruwalla ón Ind – fuair sé bás trí bhliain níos déanaí; Patrick Egan a stiúraigh sinn; John Evans, múinteoir na Fraincise i meánscoil a dtáinig a mháthair as Ciarraí agus í trí bliana d'aois ‒ tá Breatnais líofa aige; Hywel Merfyn Jones, stáitseirbhíseach a bhfuil an Bhreatnais mar theanga dhúchais aige; Tim Saunders as Corn na Breataine a bhfuil an Bhreatnais agus an Chornuais go líofa aige – tá iníon leis ar fhoireann rinnce Michael Flatley, ‘Lord of the Dance’ anois; Muiris Mac Uaillghairg as Cleveland Sasana a raibh a thuismitheoirí as Cúige Uladh — d’fhoghlaim sé an Bhreatnais agus an Ghaeilge mar a’ gcéanna i gColáiste na hOllscoile, Aberystwyth; ;agus Stephen Yates, Sasanach agus ceoltóir rac & ról nár fhoghlaim aon teanga iasachta riamh ach an Ghaeilge!

As láthair an oíche sin bhí na daoine seo a leanas:

Risteárd Ó Fuaráin, macléinn as Ciarraí a bhí ag freastal ar Ollscoil Morgannwg, Trefforest, ag an am; Richard Lewis, cainteoir dúchais na Breatnaise a mhúineann an teanga sin do dhaoine fásta go lánaimseartha agus Miranda Ní Mhortáin ('Miranda Morton'), Breatnach a d’fhoglaim an Bhreatnais i ranganna oíche ar dtúis agus an Ghaeilge níos déanaí.

Glacadh le Barry Tobin mar Chathaoirleach, le Patrick Egan mar Rúnaí agus le Hywel Merfyn Jones mar Chisteoir.

Glacadh leis an rún go bhfoilseofaí iris faoin teideal, ‘An Briathar Saor’ dhá uair in aghaidh na bliana, i rith an tsamhraidh agus i rith an gheimhridh agus toghadh Patrick Egan ina Eagarthóir.

Bheadh 12 leathanach, méid A4, san iris agus is é an plean a ghlacamar leis ná go mbeadh altanna, gearrscéalta, cartúin, agus dánta ann. Bhí súil againn go mbeimis in ann ‘comhfhreagraithe’ a fháil i ngach áit ar fud na Breataine Móire a mbíonn Gaeilgeoirí ann le tuairiscí faoi chúrsaí a gceantar féin a chur chugainn. Bhí súil againn freisin go mbeimis in ann an iris a sheoladh tríd an bpost ar shíntiús £2.00 in aghaidh na bliana.

Tar éis míonna a chaitheamh le bolscaireacht, le scríbhneoirecht, le ceard nua a fhoglaim beagáinín, chuireamar 500 cóip den chéad eagrán i gcló agus lainseáileadh ‘An Briathar Saor’, an chéad iris sa Ghaeilge a bhí riamh sa Bhreatain Bheag, i lár Eisteddfod Genedlaethol Cymru (Eisteddfod Náisiúnta na Breataine Bige) a bhí ar siúl i Lúnasa, 1994, i Llandeilo. Seán Mac Réamoinn ó Bhaile átha Cliath agus Harri Pritchard‒Jones as Caerdydd a rinne an jab dúinn, Seán ag labhairt sa Bhreatnais agus Harri sa Ghaeilge!

Bhí searmanas lainseála eile againn sa tsean tábhairne éireannach, an ‘Royal Oak’, Broadway, Caerdydd. Mike Flynn as Dún Garbhán is ea an Fear a’ Tí ansin agus lig sé siúd dúinn an iris a chur chun tsiúil sa chró dornálaíochta thuas staighre! Cró faoi leith an ceann seo, áfach, mar, cé go bhfuil sé in úsáid fós le traenáil a thabhairt do leaids óga an cheantair, ba isigh ann a dheineadh Jim Driscoll a chuid traenála fadó.

Cár mhiste a lua anseo gur raibh plé againn faoi chuimhneachán an Ghorta Mhóir in éirinn (1845–1849) ag cruinniú ar 30 Meán Fómhair, 1994. Ní raibh an cruinniú sin ábalta aon phlean a ghlacadh ach tar éis cúpla seachtain ag cur agus ag cúiteamh cinneadh ar an cheist a chur faoi bhráid an phobail. Ar an ábhar sin, le caoinchead an tSagairt Pharóiste, An tAthair (an Canónach anois) Seán Mag Uidhir as Contae an Chabháin, d'eagraíomar cruinniú poiblí i Halla Mhuire, Sráid Thalbhóid, Treganna (Canton), Caerdydd i mí na Samhna, 1994. Harri Pritchard‒Jones a bhí mar Chathaoirleach againn. Bhí geall le 25 duine i láthair agus glacadh le rún go mba chóir rud éigin a dhéanamh agus cuireadh Coiste Stiúrtha ar bun. Faoi dheireadh, ag cruinniú eile ar 25 Feabhra, 1995, lainseáileadh Fóram na Breataine Bige um an nGorta (The Wales Famine Forum), mar eagras neamhspleách. Bhí baint éigin le toghadh Barry Tobin ina Rúnaí don Fhóram agus níos déanaí ina Eagarthóir dos na hirisí, Y Ddraig Werdd agus The Green Dragon, le meath Chomhluadar Caerdydd ó 1997 i leith.

’Sea, tháinig an chéad trí eagrán amach faoi stiúr An Eagarthóra, Patrick Egan. Ach sa bhfómhar, 1996, chuaigh sé ar ais go héirinn agus thóg Barry Tobin a áit mar Rúnaí agus mar Eagarthóir. D'éirigh leis Eagrán 4 a chur amach in earrach na bliana 1997 ach níor éirigh leis a thuilleadh a dhéanamh.

Cymraeg / Breatnais

Béarla / English

An Chéad Eagrán

The First Edition

Yr Argraffiad Cyntaf

An Dara hEagrán

The Second Edition

Yr Ail Argraffiad

An Tríú hEagrán

The Third Edition

Yr Trydydd Argraffiad

An Ceathrú hEagrán

The Fourth Edition

Yr Pedwerydd Argraffiad



Magazines of Irish / Welsh interest

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Ríomhphost / Email / Ebost

(masseytown@yahoo.ie).

Leathanach Baile