Caerdydd á Éireannú?

Tá an Ghaoth ag Séideadh aniar as Éirinn Chugainn le fada an Lá.


Ní raibh sé ró-fhada tar éis an Ghorta Móir go raibh geall le 10,000 Éireannach ina gcónaí i gCaerdydd agus bhí tréimhse ghearr nuair a bhí níos mó ná leath de líon daoine an bhaile as Éirinn.

Inniu, agus líon daoine na cathrach ag tarraingt ar an 300,000 deirtear go bhfuil idir 50% agus 60% de áitreabhaigh na cathrach de bhunadh na hÉireann.

Is beag, áfach, má tá baint mhór idir na fíricí sin agus an tslí ina bhfuil an chathair á ‘hÉireannú’ i láthair na huaire. Is dóichí gur claonadh margaíochta atá faoi bhun na n-athruithe gan choinne seo.

D’imigh roinnt blianta thairis anois ón lá ar osclaíodh tigh ‘Mulligans’ i lár na cathrach mar a bhíodh an ‘Cambrian’ go dtí sin. Áit bheag, ró-bheag, a déarfainn, ach an pub Éireannach is fearr sa chathair go fóill. Biachlár breá Éireannach atá acu agus gach duine ar an bhfoireann as Éirinn. Guthán: 00 44 2920 644952

Cúpla bliain níos déanaí d’athraigh an ‘Royal George’ i City Road go dtí ‘Clancy’s’ le Fear a’ Tí as Béal Feirste agus focail Ghaeilge gach áit, ‘Fir’, ‘Mná’, agus chuile shórt. Bíonn an áit plódaithe anois le daoine óga, mic‒agus‒iníonacha léinn na hollscoile don chuid is mó (anois, Eanáir, 2000, tá sé aithrithe go dtí ‘The George’ agus tá an Béal Feirsteach agus an t‒atmasféar Éireannach a bhain leis imithe).

Anuraidh d’oscail ‘O’Riada’s’ i gceantar na ndúganna mar a bhíodh an ‘Dowlais Arms’ roimhe sin. Ní raibh rath i ndán don bhfiontar seo, áfach, agus dúnadh an áit cúpla mí ó shin. Ach tá an t-ainm in airde go fóill agus soilsí mealltacha ar lasadh ach gan bheith isitigh ar fáil d’éinne. Deirtear go mbeidh na dóirse ar leathadh arís sar i bhfad.

I mbliana (1996) d’oscail ‘Dempsey’s’ díreach os cómhair an chaisleáin i gceart‒lár na cathrach. Togadh raic faoi sin agus bailíodh na mílte síniúchán i gcoinne na forbartha seo mar do bhí an ‘Four Bars’ clúiteach go leor mar lárionad snagcheoil sa chathair. Ach obair in aisce ab ea an feachtas, is é ‘Dempsey’s’ atá ann anois agus atmasfúar Éireannach ann gach oíche. Guthán : 00 44 2920 252024

Cé nach tábhairne ‘Éireannach’ an ‘Yellow Kangaroo’ in Elm Street, Roath, bíonn ‘seisiún’ Éireannach ann gach oíche Chéadaoine (is san 'New Dock Tavern', 188 Broadway a bhíonn na ceoltóirí ag bailiú anois – gach Déardaoin, guthán : 00 44 2920 471221).

Bíonn siamsa amhránaíochta, Éireannach don chuid is mó, gach oíche Luain san ‘Channel View Leisure Centre’, Baile na Gráinsí (Grangetown) faoi stiúr ag Rory Furlong, Bleá Cliach arbh uncail dó Breandán Ó Beacháin (tá an áit sin dúnta le dhá bhliain anuas!). Bíonn siamsa amhránaíochta eile faoi stiúr ag Dave Burns (atá luaite in alt Julia Burns thuas) i Saint Joseph’s Catholic Club, Whitchurch Road, gach oíche Chéadaoine. Guthán: 00 44 2920 619286

Is dócha go bhfuil an chathair seo ag dul sa treo céanna is a d’imigh Páras, Beirlín, Vín agus go leor cathracha eile ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, áit nach bhfuil cathair ar bith is dócha gan ar a laghad pub Éireannach amháin. Ach tá ceangail stairiúla na cathrach seo le hÉirinn i bhfad níos láidre is níos buaine ná na cathracha Eorpacha thuasluaite.

Anseo atá an ‘Royal Oak’, ceann des na pubanna Éireannacha is seanda sa Bhreatain a bhí ina chroí ag pobal Éireannach na cathrach beagnach céad bliain ó shin agus atá againn go fóill, anois faoi stiúr Fhear a’ Tí as Dún Garbhán, Mike Flynn.

Comhartha eile go bhfuil na hamanna ag athrú ná go mbeidh an chéad siopa Éireannach i gCaerdydd ag oscailt sa Deireadh Fómhair (1996) i Cowbridge Road East, Canton. Beidh ‘Rich and Rare – Ireland’s Store’ faoi stiúr ag bean a rugadh i mBaile Átha Cliath. Beidh tréan iarracht á déanamh aici le timpeallacht na hÉireann a chruthú le bianna, éadaí, cuimhneacháin, leabhair, ceol (leabhair agus caisíní), feisteas don Chéad Chomaoin Naofa agus rogha éigin d’irisí (go fiú an iris seo!) agus nuachtáin. Guthán: 00 44 2920 255540.

Le tithe tábhairne, le hoícheanta ceoil agus le siopa dár gcuid féin b’fhéidir go mbeidh ‘old Ireland over here’ againn i slí chuimhnitheach éigin!

©: Barry Tobin.


Nóta: Scríobhadh an píosa thuas sa bhFómhar, 1996, agus, ar ndóigh, le himeacht aimsire, d'athraigh rudaí de réir a chéile, mar sin ba chóir na sonraí go léir thuas a dhearbhú ar an nguthán roimh turas a dhéanamh!

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg.

Baile / Home