Cogadh

Mo léan mo bheatha in aois chomh gruama,
Is go bhfuil Dia ag cúlú i gcéin;
Is ina dhiaidh tá an tiarna is an tuath
Ag ardú a n‑údaráis gan chéill.

Is nuair a bhraitheadar Dia ag dul uathu
’Sea, do dhoirteadar fuil a ndearthár;
Is go bhfuil grág na troda ar ár gcluasa,
Is a scáth ar bhotháin an ghá.

Siúd cláirseacha ár gceoíl is ár n‑amhrán
Ar chrochadh ar an saileach ag dreo,
Tá screadaíl na mbuachaillí sa séideán,
Is a ndearg‑fhuil sa bháisteach bheo.


Aistriúchán: Barry Tobin, 1999.


Bhí féith na filíochta i gcuisleanna Ellis Humphrey Evans (1887 – 1917) ón a óige anonn. Mac feirmeora a rugadh in aice le Trawsfynnydd, Meirionydd, agus a chaith sé a shaol ag obair ar fheirm a thuismitheoirí, ab ea é. Fuair sé aítheantas forleathan mar fhile ina ógfhear agus sciob sé go leor duaiseanna ins na ‘eisteddfodau’ (féiltí filíochta) áitiúla ina chontae fhéin agus níos faide fós as baile.

Nuair a tháinig an Chéad Chogadh Domhanda thaobhaigh sé le síochánachas ar bhonn creidimh agus daonnachta agus bhí sé thíos leis dá bharr. Cheap go leor gur cladhaire a bhí ann.

A mhalairt de bharúil ar fad a bhí ag a dheartháir óg a bhí ag tnúth le bheith ina shaighdiúr. Ba leisc leis na seandaoine, áfach, ceachtar dá gclann mhac a chailliúint san ár agus dheineadar a ndícheall lena chinntiú go bhfanfaidís beirt slán sa bhaile.

Go luath sa bhliain 1917 tógadh a t‑athair faoi bhráid na cúirte agus ba é an breithiúnas ná go mbeadh air mac amháin a chur isteach san arm. Bhí ríméad ar an lead óg a cheap go mbeadh sé ina shaighdiúr anois. Ach d‘imigh Ellis caol díreach go dtí an oifig liostála agus ní bhfuair an t‑ógánach an tseans. Ní bheadh an t‑athair ábalta an fheirm a choimeád ina aonar.

Tháinig Ellis i dtír san Fhrainc agus bhraith sé saol na dtrínsí seal. Maráiodh i mí Iúil, 1917 é.

Idir an dá linn chum sé dán fada sa Bhreatnais agus chuir sé isteach sa gcomórtas don Cadair, an chathoir ríoga a bronntar ar an bpríomh fhile san Eisteddfod Náisiúnta gach bliain. Chuige sin, roghnaigh sé an t‑ainm cleite, ‘Hedd Wyn’ (síocháin bheannaithe).

Sa bhliain 1917 bhí an ‘Eisteddfod Genedlaethol’ (eisteddfod náisiúnta) i Learpholl.

Bhuaigh a dhán an duais mhór.

Léigheadh a ainm cleite amach os ard.

Is é an nós ná go mbíonn na filí rannpháirteacha go léir i láthair, suite i measc an lucht féachana, agus agus is é an nós ná go seasann an buaiteoir san áit in a bhfuil sé nó sí suite nuair a léitear an t‑ainm cleite amach.

Níor éirigh éinne don ainm ‘Hedd Wyn’. Arís agus arís eile léigheadh an t‑ainm cleite sin amach os ard ach in aisce bhí gach aon ghlaoch acu.

Sa deireadh cuireadh fiosrúchán ar bhun agus fuarthas amach cé hé ab ea ‘Hedd Wyn’. Bhí príomhfhile na bliana sin básaithe agus curtha san Fhrainc sé sheachtain roimhe sin.

Bhain imeachtaí an lae sin geit as an náisiún uile. Cuireadh brat dubh cónra um an ’ cadair’ (’cathaoir’) agus tógadh abhaile faoi ghradam í go dtí na sean daoine agus an deartháir óg ar an bhfeirm bheag iargúlta. Bhí na himeachtaí sin go léir ina bhfinnscéal ag na Breatnaigh ó shin i leith.

Ar mi‑ámharaí an tsaoil ghlacfile eile páirt sa chogaíocht ar an lá céanna, ar an bhfaiche ch&eanna agus, dála ‘Hedd Wyn’, maraíodh an tÉireannach chomh maith leis an mBreatnach. ’Sea, mhuise, tá Francis Ledwidge curtha sa reilig mhileata chéanna ina bhfuil ‘Hedd Wyn’...


Cymraeg


An dán sa Bhreatnais bhunúsach maille le haistriúchán sa Bhéarla.


Hedd Wyn: an tubaist do‑leigheasta
Alt sa Ghaeilge le John Evans, Pontypridd.


Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.


Bhaile / Hafan / Home.