Cogadh na bhFilí


“Sed miles, sed pro patria...”: Saighdiúr, ‘sea, ach ar son a thíre...
Greanta ar uaigh shaighdiúir na Róimhe.

“Sawest thou Hugh?
I saw but his shadow beneath his shield...”
Ón tsean Ghaeilge.

“Hi hen, hi ganed eleni...”: Tá sí sean, rugadh i mbliana í...
Ón tsean Bhreatnais.


Hedd Wyn

Bhí féith na filíochta i gcuisleanna Ellis Humphrey Evans (1887 – 1917) ón a óige anonn. Mac feirmeora a rugadh i Mí Eanáir 1887 in aice le Trawsfynnydd, Meirionydd, agus a chaith a shaol ag obair ar fheirm a thuismitheoirí, ab ea é. Fuair sé aítheantas forleathan mar fhile ina ógfhear dó agus sciob sé go leor duaiseanna ins na ‘eisteddfodau’ (féiltí filíochta) áitiúla ina chontae fhéin agus níos faide fós as baile.

Nuair a tháinig an Chéad Chogadh Domhanda thaobhaigh sé le síochánachas ar bhonn creidimh agus daonnachta agus bhí sé thíos leis dá bharr. Cheap go leor gur cladhaire a bhí ann.

A mhalairt de bharúil ar fad a bhí ag a dheartháir óg a bhí ag tnúth le bheith ina shaighdiúr. Ba leisc leis na seandaoine, áfach, ceachtar dá gclann mhac a chailliúint san ár agus dheineadar a ndícheall lena chinntiú go bhfanfaidís beirt slán sa bhaile.

Go luath sa bhliain 1917 tógadh a t-athair faoi bhráid na cúirte agus ba é an breithiúnas ná go mbeadh air mac amháin a chur isteach san arm. Bhí ríméad ar an lead óg a cheap go mbeadh sé ina shaighdiúr anois. Ach d‘imigh Ellis caol díreach go dtí an oifig liostála agus ní bhfuair an t-ógánach an tseans. Ní bheadh an t-athair ábalta an fheirm a choimeád ina aonar.

Tháinig Ellis i dtír san Fhrainc agus bhraith sé saol na dtrínsí seal. Maráiodh i mí Iúil, 1917 é.

Idir an dá linn chum sé dán fada sa Bhreatnais agus chuir sé isteach sa gcomórtas don Cadair, an chathoir ríoga a bronntar ar an bpríomh fhile san Eisteddfod Náisiúnta gach bliain. Chuige sin, roghnaigh sé an t-ainm cleite, ‘Hedd Wyn’.

Sa bhliain 1917 bhí an ‘Eisteddfod Genedlaethol’ (eisteddfod náisiúnta) i mBirkenhead.

Bhuaigh a dhán an duais mhór.

Léigheadh a ainm cleite amach os ard.
Is é an nós ná go mbíonn na filí rannpháirteacha go léir i láthair, suite i measc an lucht féachana agus seasann an buaiteoir san áit in a bhfuil sé nó sí suite nuair a léitear an t-ainm cleite amach.
Níor éirigh éinne don ainm ‘Hedd Wyn’. Arís agus arís eile léigheadh an t-ainm cleite sin amach os ard ach in aisce a bhí gach aon ghlaoch acu.

Sa deireadh cuireadh fiosrúcháin ar bhun agus fuarthas amach cé hé ab ea ‘Hedd Wyn’. Maraíodh le linn ruathar ar na suíomhanna Gearmánacha ag Droim Pilckem, an Bheilg ar an 31ú Iúil, 1917 é. Bhí sé marbh le sé sheachtain cheanna féin agus bhí sé curtha san Reilig CWGC Artillery Wood, Boezinge, sa Bheilg.
 
Bhain imeachtaí an lae sin geit as an náisiún uile. Cuireadh brat dubh cónra um an ’cadair’ (’cathaoir’) agus tógadh abhaile faoi ghradam í go dtí na sean daoine agus an deartháir óg ar an bhfeirm bheag iargúlta.

Bhí na himeachtaí sin go léir ina bhfinnscéal ag na Breatnaigh ó shin i leith.

An dán is mó a bhíos i mbéal an phobail go dti an lá atá inniu ann is ea Rhyfel (Cogadh).
Francis Ledwidge

Ar mhí-ámharaí an tsaoil ghlac file eile páirt sa chogaíocht ar an lá céanna, sa cheantar céanna den éadan catha.

Rugadh Francis Ledwidge i gContae na Mí, ar an 19ú Lúnasa 1887 do theaghlach bocht líonmhar.

Taobh istigh de sheachtain tar éis don Chéad Chogadh Domhanda briseadh amach do liostáil sé ins na Royal Inniskilling Fusiliers i mBaile Átha Cliath.

Sa bhliain 1915 bhí sé páirteach sa troid i gCuan Suvla sa Tuirc. Tar éis dó teacht slán as Gallipoli cuireadh trína chéile ag an scéal faoi Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath é. Cuireadh os cóir chúirt mhileata é agus cuireadh ísliú céime air as a bheith ró fhada aige baile agus as a bheith ar meisce in éide.

Ar an 31ú Iúil 1917 agus é amuigh le meitheal oibre in aice le Pilckem sa Bheilg do mharaigh sliogán fánach é. Dála ‘Hedd Wyn’ tá sé curtha san Reilig CWGC Artillery Wood, Boezinge, sa Bheilg.

“He shall not hear the bittern cry
In the wild sky, where he is lain,
Nor voices of the sweeter birds
Above the wailing of the rain.”
 
Nuair a chum sé é na línte sin i gcuimhne ar dhuine des na ceannairí den Éirí Amach do bhí sé, i ngan fhios, ag scríobh a mharbhna bhuain féin.

Ach do léirigh sé a intinn fhileata fhéin agus an cumha a bhain le bheith ina shaighdiúir as baile ins na linte croíbhriste seo:

“This is a song a robin sang
This morning on a broken tree
It was about the little fields
That call across the world to me.
"



Nascanna don Ghaeilge Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg / Links to Irish.


Leathanach Baile / Home