An ‘Collège des Irlandais’


I bPáras na Fraince tá go leor rudaí a chuireann Éire i gcuimhne dhuit. Ar na rudaí sin go léir is é an ceann is fearr liomsa ar aon nós ná an ‘Collège des Irlandais’ (‘Coláiste na nÉireannach’). Timpeall 450 bliain ó shin is ea a bhun easpaig na hÉireann an coláiste seo le fir óga a ullmhú le bheith ina sagairt.

Sa bhliain 1539 tháinig Anraí XVIII go BÁC le ord agus eagar a chur ar na hÉireannaigh. Thug sé ordú dos na tiarnaí dílse go léir, ‘sé sin, na Normannaigh, teacht go BÁC. Nuair a bhí na tiarnaí go léir ann fuair sé amach nach raibh Béarla ag duine amháin acu. Mar sin bhí fear teanga ann le Béarla an rí a aistriú go Gaeilge. Dúirt sé leo gurb é féin anois a bhí i mbun na heaglaise agus nach raibh dlí an Phápa ann níos mó.

Nuair a chuala na heaspaig an méid sin thosnaigh siad ag pleanáil don am a bhí le teacht. Sin é an fáth gur chuir siad an coláiste sin ar bun i bPáras. Ar na daoine a bhí ann go luath bhí Ignáid Loyola, an fear a bhunaigh na hÍosánaigh. Bhí sé i bPáras le bheith ina shagart ach ní raibh áit eile le fáil dó ach i gcoláiste na nGael.

Fear a bhí ag dul go dtí Ollscoil Pháras ag an am sin ab ea John Calvin agus bhí Loyola agus na hÉireannaigh agus Calvin ag dul ar na cúrsaí céanna.

Tháinig Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789 agus d’imigh na hÉireannaigh go léir as an áit ach amháin sagart calma aonair a sheas an fód i rith na mblianta roimh Waterloo.

Nuair a tháinig an dara cogadh domhanda agus nuair a bhí na Gearmánaigh i bPáras d’imigh na hÉireannaigh. Arís eile d’fhan sagart amháin ann. Ní raibh bia ná faic le fáil i bPáras. Scrios an sagart na bláthanna sa gháirdín agus chuir sé prátaí agus glasraí eile ina n-áit.

Ag deireadh an chogaidh níor tháinig na hÉireannaigh ar ais. Bhí na cumannaigh tar éis an Pholainn a ghabháil agus bhí bac ar an eaglais sa tír sin seal. Mar sin thug na heaspaig in Éirinn a gcoláiste i bPáras ar iasacht don eaglais sa Phólainn. In a dhiaidh sin tháinig fir óga as an bPólainn go dtí an sean choláiste sa Rue des Irlandais le bheith ina sagairt. I measc na macléinn a bhí ann díreach tar éis an chogaidh bhí fear óg as Krakow darb ainm Wotyla. D’fhan sé dhá bhliain san áit. Is é féin atá ina Phápa sa Róimh anois!

Nuair a tháinig saoirse ar ais go dtí an Phólainn d’fhág na Polainnigh an coláiste Éireannach agus bhí an áit folamh arís. Bhí suim ag rialtas na Fraince san áit agus rinneadar iarracht ar seilbh a fháil ar an áit. Ach ní raibh na heaspaig in Éirinn sásta an áit a thabhairt suas saor in aisce. Sa deireadh bhí conradh idir na heaspaig agus an rialtas a thug cead dos na heaspaigh an áit a úsáid go deo.

Brú Éireannach atá ann anois. Níl ábhar sagairt ar bith fágtha ach Éireannaigh óga, fir agus mná, atá ag staidéar nó ag obair i bPáras. ‘Sea, agus tá séiplíneach ann, an tAthair Piaras Breathnach (‘Pearse Walsh’) as BÁC, ar chuir easpaig na hÉireann go dtí an áit i 1998 é chun an fód a sheasamh.

Tá sean nós amháin slán go fóill ann pé scéal é!



Barry Tobin a scríobh.


Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg.


Baile / Home.