Comhluadar Caerdydd 1995 – 1996

Sórt Éigin Buille faoi Thuarascáil


Díreach roimh an Nollaig, 1995, d’fhill Pádraig Mac Aogáin, an té a bhunaigh Comhluadar Chaerdydd agus An Briathar Saor araon, ar a dhúchas i gContae na hIarmhí. Ba mhór an caillteanas dúinn abhus a imeacht agus thóg sé míonna líonmhara go leor sar ar éirigh linn an bhearna a d’fhág sé taobh thiar de a líonadh i gceart, más amhlaidh gur líonamar fós é.

An chéad rud a bhí orainn a dhéanamh ab ea coiste nua a cheapadh mar atá:

Cathaoirleach: John Evans (Breatnach)
Cisteoir: Hywel Merfyn Jones (Breatnach)
Rúnaí agus Eagarthóir: Barry Tobin. (Éireannach)

Ar na baill eile tá Muiris Mac Ualghairg. Rugadh i gCleveland Shasana é. Tá a thuismitheoirí as Éirinn. Richard Lewis, (Breatnach). Ruairí Ó Broin. Rugadh in aice le Londain é. Tá a thuismitheoirí as Éirinn. Robat ap Tomos (Breatnach). Miranda Morton. Rugadh i Sasana í. Ina cónaí sa Bhreatain Bheag le roinnt blianta. D’fhoghlaim an Bhreatnais ar dtúis agus ansin an Ghaeilge. Meic Birtwistle. Rugadh i Londain, d’fhoghlaim an Bhreatnais agus ansin an Ghaeilge. Farouk Daruwalla. Rugadh san Ind. Tháinig go Londain ina bhuachaill scoile. D’fhoghlaim an phíob mhór, rud a chur go hAlbain agus go hÉirinn é. Ina chónaí i gCaerdydd le beagnach tríocha bliain. D’fhoghlaim an Ghaeilge anseo.

Tá rang Gaeilge á mhúineadh gach oíche Déardaoine (7.00‒9.00) san Canton Hotel ag Barry Tobin. Tagann geall le deichniúr go rialta. Is Breatnaigh gan aon bhaint le hÉirinn beirt acu, is Éireannaigh a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil in Éacute;irinn ceathrar agus is sliocht Éireannach an chuid eile.

Tar éis an ranga bíonn deis againn an Ghaeilge a labhairt nuair a bhímid bailithe le chéile san Roath Park Hotel, City Road. Bailíonn lucht na Breatnaise le chéile san áit chéanna an oíche chéanna. Mar sin bíonn an dá theanga Cheilteach in iomaíocht cháirdiúil le chéile an oíche sin! Má bhuaileann tú isteach orainn téir caol dí reach go dtí an ‘Bord na Gaeilge’!

Nuair a fuair ár gcara John Breese, Breatnach a thug foscadh agus fóirithint dúinn ina thigh clúthar le roinnt blianta sar ar chloígh an ailse é, bás roimh an Nollaig i 1994, thug a dheirfiúr, Mrs. Noela Williams, Llangefni, a bhailiúchán de leabhair sa Ghaeilge dúinn. D’fhan na leabhair sin i dtigh an Rúnaí go dtí mí na Bealtaine i mbliana nuair a thug Comhluadar Caerdydd an bailiúchán iomlán do Lár Leabharlann na Cathrach, Caerdydd. Anois tá 250 de leabhair Ghaeilge, a foilsíodh idir 1907 agus 1994, ar fáil do lucht léite na Gaeilge in áit ar bith sa Bhreatain tríd an gcóras iasacht idirleabharlainne. Lena thuilleadh eolais cuir glaoch gutháin ar nó scríobh chuig:

Adran y Dyniaethau,
Llyfrgell Ganolog Caerdydd,
Stryd Frederick,
Caerdydd CF1 4DT
Fó n: 00 44 2920 382116.

Barry Tobin a scríobh.

An Briathar Saor Uimh. 4.

Home/Abhaile