An Croí

 

Cuir do lámh, bí am chreidiúint,

Fá mo chléibh, gan mé a ghoilliúint,

Tú a chloisfidh, le cluais gan chliseadh,

Fuaim mo chroí istigh ag briseadh.

 

Tóg, a stóir, tóg gas luachra,

Ar a dhá cheann cuirse lámha,

In a dhá leath chóir bris-se é,

Mar a bhris tú, a stóir, mo chroí roimh ré.

 

Míle uair ba mhaith liom féinig

Go mbeadh mo chroí mar ghloine ghléineach,

Go bhfeice an bhé go luath is tapa

Go bhfuil mo chroí go hiomlán gafa.

 

Is é a deirtear sa taobh seo tíre –

Sneachta geal – níl faic níos fuaire,

Mám de gur chuir mé fá mo chroí,

Bhraith mé é a bheith go sámh teolaí.

 

Dán sa Bhreatnais: 'Y Galon' le file anaithnid.

Aistriúchán: Barry Tobin.

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Hafan / Home / Baile.