Smaointe Nollag i gCorca Dhuibhne

An Nollaig i gCorca Dhuibhne fadó


Nuair a bhíos im’ gharsún ag fás suas ar na Gorta Dubha bhíodh laochas ceart im’ chroí ar theacht na Nollag. Bhíodh sceitimíní ar an lán tí againn agus an‒shaoráid b’ea é dár dtuismitheoirí mar bhímis ar ár ndícheall ag iarraidh a bheith go maith i gcóir na Nollag. Bhínnse, mo dheirfiúr agus mo dheartháireacha ag baint na gcosa dá chéile chun áiseanna a dhéanamh ar fud an tí. Chuirimis ár gcroíthe go toilteanach ag cóiriú agus ag ullmhú na háite chun é bheith maisithe deas le fáilte an Linbh.

B’é an chéad chomhartha, ná Daid ag cur na bpotaí arda ar an gcairt chun turas ’on Daingean. Dheineadh sé é sin cúpla lá roimh ré mar b’in é an saghas Daid. Bhí sé an‑cháiréiseach i dtaobh a leithéidí mar nós le blianta b’ea dul ’on Daingean ag triall ar an Nollaig. Théadh Mam in éineacht leis agus ar theacht an mhaidin san, b’fhada linne an aga go mbídis bailithe leo bóthar na nGort nDubh siar. Lá mór ab ea an lá théití ’on Daingean ag tabhairt an Nollaig abhaile.

Nain a thugadh aire dhúinne an lá san agus bhí sé le tuiscint againn go mbeadh thiar ar éinne a bheadh crosta nó as an slí. Bhí a chúram fhéin leagtha amach dos na héinne. De réir ghnáith, d’fhanadh mo dheirfiúr Máirín istigh ag cabhrú le Nain mar shaghas leas bhean a’ tí. Théinnse, Seáinín, Pádraig, agus Séamuisín ar fud an bhaile ag cuardach prócaí follamh jam a bhí caite amach ag na comharsain i rith na bliana. Deich gcinn nár mhór dúinn mar b’éigean ceann i ngach fuinneog sa tig. Líontaí de ghaineamh iad chun coinnle na Nollag a chur ina seasamh iontu.

Bhí sé deacair a dhóthain iad a aimsiú agus bhí cúis mhaith leis sin leis. Is mó ceann díbh a bhíodh smiotaithe i rith na bliana le bulláin chloiche, díreach chun an pléascadh breá a dheinidís a chlos.

Dheinimis an bheart ar shlí éigin deich gcinn a sholáthar. Bhíodh barra liobair ar mo mhéireanta ó bheith á dtarrac aníos as poill uisce nó as cnocáin luaithe a bhí cruaite ag sioc agus aimsir. Ghlanaimis ansan iad le huisce bhairille na báistí agus chuirimis ceann ar cheann, deas gléasta, lán de gaineamh i ngach fuinneog sa tig. Chuireadh muga mhór cócó le tarrac ar shiúicre, toisc do Mham a bheith as baile, anam ionainn arís.

Nuair a thagadh an tráthnóna bhímis bailithe timpeall na tine ag feitheamh le Mam agus Daid. Dheara a chroí, nuair a chloisfí an chéad ghlór de rith na cairte ar an mbóthar aniar, léimeadh gach éinne againn i ngiorracht rachtaí na síleála le scóp. Leath neomat a thógadh sé uainn an buaile a bhaint amach agus bheirinn–se greim ar shrian an chapaill chun é stiúradh isteach deas cóngarach don dtig. Bhíodh caidé fuirse ag follmhú na cairte agus, san am céanna ag iarraidh stracfhéachaint d’fháil ar pé gabháil a bhí ar iompar againn.

Tar éis an capall a scor agus an tae ag tarrac ar spré, roinneadh Mam na sweets agus brioscaí. Mo ghraidhn í Nain, ní deireadh sí faic i dtaobh aon ghearán a bhí aici i rith an lae, cé go mbíodh an bhean bhocht clipthe go maith againn uaireanta. Bhainimis súp de sweets agus thugaimis tamall ag malartú le chéile ag brath ar dhath nó blas a thaithneodh linn. Thugas trí cinn bhána do Phádraig babhta ar cheann dearg. Bhí san árite ach bhí Pádraig ag cogaint i bhfad im’ dhiaidh‒se.

Lá an‒chiúin ab ea an lá roimh Nollaig. Bhíodh gach éinne ar a ndícheall ag cabhrú ar fud an tí. Dá dteastódh gabháil mhóna ó Mham as barra Chruach Mhárthain, bheimis ag cur coise faoina chéile chun é dhéanamh. Is minic a chuas ar an Rinn le Daid ag baint chuileann an chaora dhearg agus chuirimis cuid de ag crochadh ar an iarta agus an chuid eile ar bharr na bhfuinneog. Bhí tarrac ar eidhneán ag fás ar bhinn an tí agus chuirimis é sin timpeall ar phrócaí na gcoinneal agus mheascaimis isteach leis an gcuileann é.

Iasc garbh — smut de langa a bhí ag crochadh mar stropa ó chearcaill na síleála a bhíodh chun dinnéir an lá san. Dheineadh Mam sás bán le cúpla oinniún ann agus dheinimis fhéin pandaí de phrátaí agus bhíodh feed againn. Bhíodh snaidhmeáil cheart agam fhéin le cnámha an éisc agus bhí sé an‒ghoirt sa tslí go mbeadh spalladh tairt orm an chuid eile den lá. Ach im’ baiste níorbh aon droch ghearán é sin. Agus ba bheag an locht é ar bhia a bhí folláin go maith.

Bhíodh tae againn oíche Nollag — suipéar na Nollag. Bhíodh mo theanga chomh fada lem’ bhróga nuair a chuirtí an císte milis ar an mbord. Císte an‒mhilis ar fad é go mór mhór an cóta bán a chlúdaigh é. D’ithimis arán an chíste ar dtúis agus cé go raibh tarrac ar rísíní ann ní raibh aon dul go raibh sé chomh milis leis an gcóta bán. D’fhágainnse an cóta bán chun deire agus bhíodh súp agus súlach agam go mbíodh an blúire deireanach ag sleamhnú ó scornach go goile áit go raibh fá agus fiche leis!

Nuair a bhíodh deire ite agus boilg teann chaithfí ullmhú do Aifreann an Mheán Oíche. Ba mhór an seó dul ar Aifreann Mheán Oíche. Ní hamháin don Aifreann ach toisc a bheith inár suí an t‒am san d’oíche. Suas an Tóchar a gheibhimis chun séipéal an Bhuailtín agus cé go raibh an cosán ciotrúnta a dhóthain sa dorchadacht ní chuireamar aon nath ann mar bhíomar lán de cheol agus spreagadh.

Radharc aoibhinn é ag teacht i dtreo an Bhuailtín an oíche sin. Is cuimhin liom babhta gur laindéar a bhí againn chun solais ach torch a bhíodh againn as san amach. Ba dhóigh leat go raibh an paróiste ar fad ag déanamh ar an séipéal, chífeá soilse beaga ag bobadáil leo trí chosáin agus bóthairíní ar fud na dúthaí. Ba dheas iad d’fheiscint ó Imileach John Moriarty ag teacht anuas an Mháimín agus aníos Bhóthar an Choillteáin ón bhFearann agus ón mBaile Uachtarach. Chífeá leis iad ag gabháil trasna dumhaí Bhéal Bán ó Ard na Caithne agus aníos Bhóthar na gCluainte i dtreo an Bhuailtín. Ag gabháil thar chlaí, dhéanfá amach iad ag gabháil aniar ó Chlochar agus Tíorabháin agus ar do sheans, chífeá fo‒sholas beag ag cairt ag casadh chúinne na Gráige.

Bhí fuinneoga na dtithe i ngach baile faoi bharr lasrach chomh maith agus ba gheall le Tír na nÓg iad a dhearcadh chomh fada soir le bun Chnoc Bhréanainn agus ó Bhaile Dháith suas go dtí na Leataithe. Bhí sé chomh deas le radharc is a bhí ar domhan agus dá léimfeadh éan nó giorria tríd an aiteann de gheit cheisteofá a gcoráiste as an suaimhneas a bhriseadh.


©: Muiris Ó Bric.
Tagann na ’Smaointe Nollag’ seo as a leabhar, Spotsholas na nDaoine, Baile Átha Cliath, Coiscéim, 1995.
Táimid faoi chomaoin ag an údar agus ag a fhoilsitheoirí as cead a thabhairt dúinn é a chur ar fá sa tsuíomh idirlín seo.

English

Christmas Box

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Leathanach Baile