An Fear Siúil

 

Ó áit go háit trí an tír

Gan sprioc, gan phlean, gan riar,

Thar bhaile, cill is cúirt,

A thoil is a mhian á imirt.

 

Ar a chosa tá bróga troma

Ag titim as a chéile mar atá cóta a dhroma,

Is an leathar ó aois mhacánta

Ar a bhfuil paistí pointeáilte.

 

Ar a shean cheann rí ghliobach

Tá hata dearóil ab íontas do chách,

Is straoill ghruaige ag titim léi

Gona dlaoithe cosúil le slabhraí:

Is barr féasóige, fós feola a ghrua,

Mar charabhat mín camhaoir rua.

 

Dán sa Bhreatnais, 'Y Crwydryn': Dewi o'r Glyn.

Aistriúchán: Barry Tobin.

 

 

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Hafan / Home / Baile.