'Fóidín Mearaí' / 'Solas'

Fóidín Mearaí

Níl faic agam gur fiú smaoineamh air
Fiú glioscarnáil an tsolais ar fhéar glas
Na laethanta ag bradaíl leo
Mar a bhí i bhfad ó shoin
Nuair a sheas mé ar imeall páirce
I scoil chónaithe, Satharn fliuch ocrach-
Cá n-éalóinn ?
Seasaim ar tháirseach an Aibreáin
I laethanta seo na seanbhó
Sa gclagarnach báistí
Agus cuaifeacha clocha sneachta. Screadanna
Pilibín ar a hál ó imeall cladaigh.
Tá an lá ag dul i ndísc
Mar smiochóid a chaithfí i bportach.
Táim ag crosbhóthar mo shaoil
Is ní léir dom na comharthaí slí.

Solas

Is breá liom an uair bheannaithe úd
Idir bhreacadh is éirí gréine
Nuair a dhúscann míorúilt na cruthaíochta.

Gach maidin mhoch
athbhaistear mise
sa solas naofa.

©: Diarmuid Ó Gráinne, as Aill a' Phréacháin, Na Forbacha, Conamara, Contae na Gaillimhe, a thug caoinchead dúinn an dá dhán seo a fhoilsiú. Múinteoir meánscoile i mBrí Chualann, Contae Chill Mhantáin is ea é, maille le bheith ina staraí, ina fhile agus ina iriseoir/léirmheastóir agóideach….

An Briathar Saor Uimh. 1

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’ r Wyddeleg.

Baile / Home.