Mar a nInsítear faoi Dhúthracht Jimín don Ghandal

Maidin Lá Nollag chuaigh Cáit agus mo mháthair go dtí an chéad Aifreann. Bhí mé féin agus Daid i mbun an tí. A fhad a bhí Daid ag crú na mbó chuaigh mé féin ag féachaint ar na rudaí go léir a bhí sa chupard. Thóg mé úll agus líon mé póca liom de rísíní, agus bhí píosa den mbairín breac ann gearrtha agus chuir mé chugam é sin, leis.

Nuair a bhí mé ag dúnadh an chupaird arís, bhuail smaoineamh mé; rug mé ar an mbuidéal buí agus leath‒líon mé cupán as. Bhlais mé é, ach a bhuachaill ó! dá olcas é an stuif dhubh aréir roimhe sin ba sheacht measa an rud buí. Dhófadh sé thú, a dhuine! Ansin ní fheadar cad a dhéanfainn leis. Ghlaoigh mé ar an madra agus chuir mé faoina phus an cupán, ach ní fhéachfadh sé air, a mhic ó . Níor dhein sé ach sraoth a chur as.

Ansin chuimhnigh mé ar sheift eile. Fuair me dorn mine buí agus d’fhliuch mé leis an stuif as an mbuidéal é agus chuir mé sa bhuaile amuigh é ar phláta. Siúd chuige an gandal mór agus d’alp sé a raibh ann.

Níor bhraith mé faic air go ceann tamaill. Ansin chrom sé ar ghogalaigh. I gceann tamaill d’éirigh sé as sin agus chrom sé ar shiúl timpeall agus leathcheann air. Fáinne a bhí sé a dhéanamh agus é ag siúl. Ansin stad sé agus leath sé a dhá chois amach ó chéile agus bhí sé á shuaitheadh féin anonn is anall. Chuirfeadh sé na cait ag gáire.

Ansin luigh sé agus dhún sé na súile agus ní fhaca aon oidhre riamh ach é ar shean‒Diarmaid críonna anseo amuigh nuair a bhíonn sé ag titim dá chodladh sa chathaoir mhór os comhair na tine agus é ag míogarnaigh.

Sa deireadh luigh sé ar fad anuas ar an talamh, shín sé a phíobán uaidh amach agus leath sé a dhá sciathán, agus níor fhan anam na brí ann ach chomh beag agus dá mbeadh sé marbh.

Am baice bhí mé ag breith chugam ar eagla go gcaillfí é agus níorbh fhios dom cad a dhéanfainn. Chuala mé Daid ag teacht ó chró na mbó agus chuir mé díom isteach. Nuair a chonaic Daid an gandal stad sé agus bhí sé ag caint leis féin.

“Dar mo bhriathar ach go bhfuil sé seo ina ‘chocstí’!” ar seisean. “A Jimín,” ar seisean ag glaoch.

Bhí me féin ag scuabadh an urláir ar séirse. Tháinig mé don doras.

“Cad a dhein tú leis an ngandal seo?” arsa Daid.

Tháinig stad ionam féin. Níor mhaith liom bheith ag ceilt na fírinne maidin Lá Nollag. D’inis me an scéal ina chodanna beaga do Dhaid. Chonaic mé air go raibh sé mí shásta liom.

“Díolfaidh tú as na cleasa lá éigin, a bhuachaill,” ar seisean. “Is dócha gur tú a chuir deireadh leis an gcat seo againne, leis, i bPoll a’ Lín thíos.”

Cheap me go dtitfinn as mo sheasamh. Mheas mé nach raibh ’fhios ag aon duine beirthe é. Bhí mé maolchluasach go maith ansin a deirim leat. Mheas mé dar ndóigh go n‒inseodh Daid an scéal do Mham. D’imigh mé liom go dtí an tAifreann. Le linn an Aifrinn d’iarr mé ar Dhia mé a bhreith saor ón olc a bhí ag bagairt orm.

*******

Nuair a tháinig mé abhaile ón Aifreann bhí an gandal in aice na tine ag Mam agus an t‒anam ag teacht arís ann.

Ní bhfuair Mam amach riamh cad d’imigh air, mar nuair a tháinig Daid abhaile bhí sí ag iarraidh fios a fháil uaidh cé a tháinig isteach ar maidin gur thug sé an fuisce as an mbuidéal dó.

Bhí Daid ag déanamh grinn den scéal agus ní inseodh sé di. Thug sé súil orm féin, uair, a d’fhág mé mí chompordach go leor.

Is maith é Daid mar sin féin.

*******

As an leabhar, Jimín Mháire Thadhg, scéal do leanaí a scríobh Pádraig Ó Siochfradha (1883 ‒ 1964).
Rugadh agus tógadh i gCiarraí é. Nuair a foilsíodh an leabhar don chéad uair sa bhliain 1922 d’úsáid an t‒údar an t‒ainm cleite, ‘An Seabhac’. Tá an leabhar seo le fáil ar iasacht as an mbailiúchán de leabhair sa Ghaeilge i Lárleabharlann na Cathrach, Caerdydd.

English

Christmas Box

The John Breese Collection Part 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’ r Wyddeleg.

Abhaile / Home / Hafan