Lá Féile Pádraig sa Klondike

Ba ghnách leis na hÉireannaigh urraim iontach a thabhairt do Lá Fhéile Pádraig, fiú amháin ansin i bhfiántas an tuaiscirt. Cha bhuailfeadh aon fhear piocóid i dtalamh an lá sin dá mbeadh a bheatha mar mhaithe leis. Bhí spiorad iontach sna fir, agus ba chuma caidé chomh mór agus a chuirfeadh sé as dó rachadh achan Éireannach ariamh dá rabh ag obair san áit an bealach céanna an lá sin.

Bhí mé féin amuigh ag taobh an chábáin an mhaidin Lá Fhéile Pádraig seo ag tógáil canna sneachta le huisce a dhéanamh. Nuair a bhí mo dhá cheann i dtalamh dar liom gur chuala ceol píob i bhfad ar shiúl. Shíl mé i dtús báire nach rabh ann ach aisling, ach i gcionn tamaill chuala mé arís é. Dhírigh mé suas mé féin ansin go n‒éistinn go maith, agus mar dhéanfadh an cathú féin é, caidé rinne an píobaire ach stad de sheinm nuair a chuaigh mise a dh’éisteacht.

Bhí sé tamall fada sular thosaigh sé arís, ach nuair a thosaigh, bhí sé ní ba chomhgaraí agus bhí an ceol ní ba shoiléire; agus ba é an port a bhí sé a bhualadh—’Lá Fhéile Pádraig.’ San am sin déarfainn go raibh an píobaire trí nó ceathair de mhílte uainn thuas sna cnoic ar mo chúl; bhí mé féin corradh mór le trí mhíle míle ón bhaile, ach go díreach fhad agus a bheifeá ag bualadh do dhá bhois ar a chéile, samhlaíodh domh go rabh mé ar ais i measc mo dhaoine féin i gCloich Cheannfhaola. Chuaigh mo chroí a phreabadaigh le tréan lúcháire, sa chruth gur shíl mé go bhfágfadh sé mo chliabh.

Rith mé isteach chun an chábáin agus d’inis mé do mo chuid comrádaithe caidé bhí ag tarraingt orthu. Chuaigh siadsan amach, agus nuair a chuala siad an ceol bhí oiread lúcháire orthu agus gur rith fear acu thart go dtug sé scéala do na hÉireannaigh a bhí sna cábáin eile sa chomharsanacht. D’éirigh siad uilig, agus nuair a chuala siad ceol na bpíob ag druidim leo is beag nach ndeachaigh siad as a gcéill. Chuaigh siad a scairtigh agus a bhúirthigh go rabh siad ag baint macalla as na sléibhte agus as na gleanntáin a bhí thart fá dtaobh dínn. Sheas achan duine againn ansin gur mheas muid go rabh an píobaire ag teacht comhgarach dúinn agus ansin d’imigh muid uilig ina araicis. Cha rabh iomlán a gcuid éadaí orthu, ná greim ite ag leath na bhfear, ach bhí an fhuil te agus d’ainneoin an tsiocáin cha rabh mothú ar fhuacht ar bith! Tháinig sé agus hiompraíodh ar ghuailleacha é píosa fada. Tugadh isteach chun an chábáin s’againne é agus char coigleadh bia ná deoch air. Agus cha rabh sé ach luath sa lá go fóill.

Nuair a bhí achan duine réidh, theann seisean air a chuid píob agus chuaigh muid uilig ceathrar ar doimhne isteach ina dhiaidh mar bheadh saighdiúirí in ord máirseála. Cha rabh aon phort Gaelach dar chuala sinn ariamh nár bhuail an píobaire ar an bhealach síos an gleann. Bhí cuid mhór daoine as tíortha eile a bhí ag obair an lá sin síos taobh an chnoic agus cha rabh fhios acu sa chat mara caidé bhí cearr linne a bheith ag imeacht linn béal ár gcinn leis an phíobaire. Shíl siad gur as ár meabhar a bhí muid, ach thug sinne le fios dóibh gurbh é ár lá féin élá beannaithe Phádraig.

Chuaigh muid ar aghaidh, cibé cúis de, gur shroichigh muid na tithe ósta agus chuaigh muid isteach sa chéad cheann mór a casadh orainn. Creidim, gan áibhéil ar bith a dhéanamh, go raibh sé chéad fear istigh ansin romhainn—fir as achan chearn den tsaol. Bhí tart orainn i ndiaidh an turais agus, ar ndóigh, siúd agus nach rabh seamróg ar bith againn, chaithfimis an seanghnás a chomóradh agus a fliuchadh chomh maith agus dá mbeadh.

D’ól muid cúpla deoch an fear agus nuair a bhí súbhachas beag orainn, d’éirigh mé féin i mo sheasamh agus d’iarr ar an phíobaire na píoba a theannadh air agus Lá Fhéile Pádraig’ a bhualadh ó cheann go ceann an tí. Cha rabh an focal amach as mo bhéal go rabh sé ar a bhonnaí. . . .

Nuair a bhí an oíche ag teacht chruinnigh sinne sinn féin i gcionn a chéile agus thug muid ár n‒aghaidh suas an cnoc an bealach céanna a dtáinig muid anuas, gur bhain muid ár gcuid cábán amach. Bhí muid tuirseach sáraithe agus cha rabh sé deacair ár gcuid leapacha a chóiriú an oíche sin. Chaith an píobaire an oíche sin againn, agus ar maidin lá thar na mhárach d’fhág sé slán agus beannacht againn agus d’imigh leis ag tarraingt ar chúl na sliabh, an áit a rabh sé féin agus cúpla fear eile ag obair.

Éireannach dílis gan spíd a bhí ann, agus dálta na mílte dá chineál, d’fhág sé a chnámha sínte faoi shioc agus shneachta, i bhfad óna dhaoine, amuigh ar an iarghúltacht, an áit nach rachadh aon duine dá chine choíche an bealach le paidir a chur lena anam. Chuala muid gur maraíodh sna poill é go gearr i ndiaidh an ama sin a dtáinig sé chugainne leis an Fhéile Pádraig a chomóradh go ceolmhar in All Gold Creek.

As a bheathfhaisnéis, Rotha Mór an tSaoil (1959) le Micí Mac Gabhann (1865 ‒ 1948).

Sa Bhreatnais / Yn y Gymraeg / In Welsh.

Sa Bhéarla / In English.

Naomh Pádraig is na Gaeil.

Saint Patrick and Saint Patrick’s Day.
(In Irish only).

Pota Phádraig / St.Patrick’s Pot.
A translation into English of a folktale in Irish.
It was a great day for the Irish when St. Patrick ordered drinks all round!

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Gŵyl Padrig Sant 2002.

St. Patrick’s Day 2002.

Abhaile / Home / Hafan