Searmanas Tiomnaithe Leacht Cuimhneacháin Náisiúnta na Breataine Bige don Ghorta Mór



Tógadh, nochtadh agus tiomnaíodh Leacht Cuimhneacháin i gCaerdydd i gcuimhne orthu siúd a d’fhulaing le linn Ghorta Mór na hÉireann (1845 – 1849).

Teist atá sa Leacht Cuimhneacháin seo do gach duine de bhunadh na hEacute;ireann a fuair bás sa Bhreatain Bheag gan idirdhealú á dhéanamh ar bhonn aicme, polaitaíocta, dílseacht ná creidimh.

Bhronn an comhlacht Caerdydd Mossfords, dealbhóirí leachtanna ó 1821 i leith, Crois Cheilteach mhaorga dúinn a rinneadh as aolchloch na hÉireann in Éirinn féin.

Tógadh í ar bhonn déanta as clocha na Breataine Bige i Reilig Cathays na cathrach ar shuíomh suntasach a chuir Comhairle Chathair agus Chontae Caerdydd ar fáil dúinn. Nochtadh agus tiomnaíodh an Leacht Cuimhneacháin seo le linn searmanais fhoirmiúil ag 11.00 ar mhaidin Dé Céadaoin, 17 Márta, 1999, Lá ’le Pádraig, a stiúradh i láthair maithe agus móruaisle na cathrach, na heaglaise agus an stáit.

An bhuaic i gclár imeachtaí a d’eagraigh Fóram na Breataine Bige um an nGorta ó 1995 i leith le cuimneamh a dhéanamh ar An Drochshaol a bha chúis le bás milliún daoine ar a laghad ab ea nochtadh Leacht Cuimhneacháin Náisiúnta na Breataine Bige don Ghorta Mór. Ní raibh contae in Éirinn, ní raibh sainaicme creidimh, ní raibh aicme shóisialta ná polaitiúil nár chuir a mairbh fhéin le linn na tubaiste uafásaí sin.

Mar bharr ar an donas chuir an Gorta iachall ar geall le dhá milliún daoine tearmann a iarraidh in áiteanna eile den domhan. I measc na ndaoine ar cuireadh an ruaig orthu bhí na mílte a tháinig i dtír sa Bhreatain Bheag.
Um na 1860aí bhí 73 getóanna i gCaerdydd (Cardiff) amháin. Bhí na hÉireannaigh tar éis teacht go dtí bailte eile chomh maith a bhí ag forbairt go tapaidh cosúil le Bargoed, Penybont‒ar‒Ogwr (Bridgend), Caerffili (Caerphilly), Dowlais, Llanelli, Maesteg, Merhyr Tudful (Merthyr Tydfil), Casnewydd (Newport), Pontypridd agus Abertawe (Swansea).

Bhí na hÉireannaigh le fáil freisin sa Rhondda agus ins na gleannta mianadóireachta eile i Morgannwg (Glamorganshire) agus i Mynwy (Monmouthshire). Thosnaigh cóilíneachta Éireannacha ag fás in iarthar agus i dtuaisceart na Breataine Bige chomh maith.

Tá baint chomh mór ag na daoine seo go léir, fir, mná, agus leanaí, lena dtubaistí, a gcreideamh, a bhfadfhulaingt, a ngaiscíocht agus a dtreallús lenár stairne is atá againne lena stairse siúd. De réir mar a thugaimid onóir dóibhsean is ea a thugamid onóir dúinn féin agus de réir mar a dhéanaimid cuimhneamh orthusan is ea go bhfuilimid ag cinntiú go ndéanfar cuimhneamh orainne in ár seal.

Leagadh ceithre phlaic ar gach aghaidh de bhonn an Leacht Cuimhneacháin. Ar na plaiceanna seo, atá déanta de shlinnte na Breataine Bige, tá inscr’bhinní sa Ghaeilge, sa Bhreatnais, sa Bhéarla agus sa Laidin greanta mar seo a leanas:


Sa Ghaeilge:

I gcuimhne orthu siœd a d’fhulaing le linn Ghorta Mór na hÉireann, 1845 – 1849, agus ar na h&Eeacute;ireannaigh go léir is a sliocht a fuair bás sa Bhreatain Bheag.
Ar Dheis Dé go raibh a n‒anamacha is anamacha na marbh.


Sa Bhreatnais:

Er cof am y rhai a ddioddefodd yn Newyn Mawr Iwerddon, 1845 – 1849, a’r holl Wyddelod a’u disgynyddion a fu farw yng Nghymru.
Heddwch i’w llwch.


Sa Bhéarla:

In memory of the victims of the Great Famine in Ireland, 1845 – 1849, and of all Irish people and their descendants who have died in Wales.
May they rest in peace.


Sa Laidin :

In memoriam victimarum Famis Magnae in Hibernia A.D. MDCCCXLV – MDCCCXLIX atque Hiberniensium omnium cum prole sua in Cambria sunt mortui.
Requiescant in pace.


2) Taobh le taobh ar aghaidh chothrom na Croise Ceiltí t‡ dhá inscríbhinn eile mar atá:


Sa Bhéarla:

During the years 1845 – 49 the potato crop in Ireland failed, a million people perished and almost twice as many fled their homeland. Thousands of refugees arrived in Wales. This memorial, erected by their descendants with the support of generous friends, is for them.


Sa Bhreatnais:

Yn y blynyddoedd 1845 – 49 pallodd y cnwd tatws yn Iwerddon, trengodd miliwn o bobl a ffôdd bron i ddwyfaint mwy oddi cartref. Daeth miloedd o ffoaduriaid i Gymru. Trostynt hwy y cododd eu disgynyddion y gofeb hon gyda chymorth cyfeillion hael.


An Searmanas Nochta, Reilig Cathays Caerdydd, Dé Céadaoin 17 Márta, Lá ’le Pádraig, 1999.

(Am Tosnaithe: 11.00 r.n.)


Clár

1. Aitheasc Fáilte: John Sweeney, Cathaoirleach, Fóram na Breataine Bige um an nGorta.

2. Léitheoireacht sa Ghaeilge: Amhrán na bPrátaí Dubha le Máire Ní Dhroma, An Rinn, Contae Phort Láirge.

Á léamh: Conor Ó Ríordáin, Consal Ginearáilte na hÉireann sa Bhreatain Bheag.

3. Iomann aonar sa Ghaeilge: Ag Críost an Síol, iomann do Chríost ó’n traidisiún.

Áchanadh: Eithne O’Brien.

4. Léitheoireacht sa Bhreatnais: Biaffra, dán le Dafydd Rowlands.

Áléamh: Mary Sullivan, Cathaoirleach, Cumann Newtown, Caerdydd. 5. Iomann aonar sa Bhreatnais: Myn Mair, iomann do Mhuire ó’n traidisiún.

Áchanadh: Mared Whelan.

6. Léitheoireacht sa Bhéarla: na habairtí scor den ghearrscéal The Dead le James Joyce.

Áléamh: Tom McGarry, Uachtarán, An Cumann Éireannach, Cumann na Macléinn, Ollscoil Caerdydd.

7. Nochtadh Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i bpáirt lena chéile ag Jon Owen Jones MP, Aire Stáit in Oifig na Breataine Bige, agus Conor Ó R’ordáin, Consal Ginearáilte na hÉireann sa Bhreatain Bheag.

8. Beannacht agus coisreacan. Beidh páirt ag cléir ó na heaglaisí éagsúla sa Breatain Bheag sa tseirbhís eiciœiméineach seo.

9. Comhleagadh fhleasc bláthanna i gcruth croise i bpáirt lena chéile ag Jon Owen Jones MP agus Conor Ó Ríordáin le bonn an Leachta.

10. Focal scoir: Tyrone O’Sullivan, Cathaoirleach, Mianach Guail an Túir, Hirwaun.

11. Nóiméad Ciúnais.

12. Iomann: Hail Glorious St. Patrick, arna chur i láthair an tslua ag Seán Mac Réamoinn.

Nóta 1:

Le linn an ghorta in Éirinn fuair na céadta míle bás anaithnid gan bheannacht, gan phaidir, gan uaigh, gan ghradam. Ar an ábhar sin beidh an searmanas seo cosúil le sochraid dóibhsean go léir

Tar éis an tsearmanais bhí ‘tórramh’ againn i dteach tábhairne ’Dempse&y’s i lár na cathrach.

Nóta 2:

Bhí Aifreann roimh ré in Eaglais St. Joseph’s, New Zealand Road, Roath, á léamh (i mBéarla) ag an Sagart Paróiste, an tAthair Marriott, ag a 9.15 a’chlog.



Fóram na Breataine Bige um an nGorta,
Caerdydd
Cymru / Wales,
UK.

Cathaoirleach: John Sweeney.

Yn y Gymraeg

English version

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Abhaile / Home