Leanaí Trawsfynydd

 

(i. amhrán Nollag dóibh siúd atá i bhfad ón a ndúchas)

 

 

Ó 'Y Bont' go dtí Pantycelyn níl

Ach uaigneas is a ghlóir;

Is go bhfuil roinnt daoine cois tine ins na botháin

Ag smaoineamh oraibh.

 

Is tearc anois iad siúd a thagas

Le clapsholas go dtí 'Y Llan';

Tá na sean chairde, dála na bhfaoileán,

Scaipthe faoi láthair i ngach áit.

 

Nuair a shéideann gaoth na hoíche go cantalach,

Ag croitheadh fuinneoige is dorais,

Smaoinimid oraibh, a leanaí scaipthe,

Ar thír iargúlta na farraige.

 

Tá cuid agaibh, a leanaí na sléibhte,

Imithe le fada ar aistear;

Is bhur ngruaig á bánú i ngaoth na mblianta,

Blianta uaigneacha is fada.

 

Cuid eile agaibh atá sa bhFrainnc shuaite

Ag troid ar mhaidin is istoíche;

Méad bhur gcumha i ndiaidh sléibhte Trawsfynydd,

Ag Neamh amháin atá a fhios.

 

Siúlann a thuilleadh feadh aduaine i gcéin,

San Éigipt ghaineamhach gan gháire,

Faoi scáth na pailme is na bpirimidí,

Le monabhar na Níle seanda.

 

Slua agaibh atá faoi sheol san Atlantach,

Faoi sheol san Atlantach mór,

Áit gan ann ach tonntracha glasa suaite

Ag caoineadh ó dhubh go breacadh lae.

 

Tiocfaidh an samhradh ar cuairt trasna ár sléibhte arís,

Ar cuairt ar an gcoill is ar an móinéar,

Ach is eol dom go bhfuil cuid agaibh a chodlaíonn,

Nach bhfeicfear againn ar ais iad.

 

A leanaí Trawsfynydd ar fud na dtíortha

Is tonntracha glasa na tuile,

Ní bheidh áit bhur n-óige milse aoibhinne

Go deo ag déanamh dearmad oraibh.

 

Cé gur cailleadh aghaidheanna bhur nguthanna binne

Ó ardáin an pharóiste,

Croí le croí fós a fhanann,

Agus is é ár ngrá atá ag fás níos mó.

 

Cé nach bhfaca sibh ach bliain bhuartha,

Bliain imní is éagaoine,

Níos gile ná an sneachta is gile i dTrawsfynydd

Go mbeadh an Nollaig daoibh.

 

Dán sa Bhreatnais, 'Plant Trawsfynydd': 'Hedd Wyn', 'sé sin Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.

Aistriúchán: Barry Tobin.

 

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Hafan / Home / Baile.