Leanaí Trawsfynydd, 1914

 

Ag cur bhur dtuairisce go fann – maidin is oíche,

Atá an ceantar a d'fhág sibh;

Go fiú an cuaifeach garg láidir

Tá sé fós ag cuimhneamh oraibh.

 

Cé ag fanacht ar fán – ar fud

Acraí na dtíortha i gcéin,

Go ndéana Dia as a ghrás bhur seal go sona

Le Nollaig gan phéin.

 

Roinnt de na sean oilithrigh – a bhíodh tráth ina sólás i Sion,

D'imígh siad faoi dheireadh as ár ndúiche

Go dtí tír níos fearr thar muir shuaite.

 

Cuid eile, chuaigh siad thar íor na spéire – go dtí machairí

Gan cheol an chogaidh;

Os cionn a gcatha go mbeadh luisne rúnda

Sciathán an Dé dofheicthe.

 

Ráineodh sé go bhfuil cuid agaibh ag triall anocht – thar muir

Ghlasbhéalach chaointeach abhalmhór;

Thar a mullach leis an ngaoth

Tagann cumha caol díreach chugam.

 

I bhfad ó spraoi an bhaile – slua eile

A ruaigeadh as ár ndúiche;

Os cionn na sean tinteán liatha

Tá tuin sailm sa tsíon.

 

D'ainneoin sin, a ghaolta i gcéin – d'aonghuth

Atá ár mianta feadh an lae:

Ní féidir le hiargúltacht an Atlantaigh

Maolú ar na sean mhothúcháin saora.

 

D'ainneoin an díomá atá ar fud na sean áite – is an mí-ádh

A loiteann ár dtinteáin,

B'fhéidir go dtiocfaidh lá níos soiléire

Trasna stuaiceanna muirneacha Trawsfynydd.

 

Dán sa Bhreatnais, 'Plant Trawsfynydd, 1914': 'Hedd Wyn', 'sé sin, Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.

Aistriúchán: Barry Tobin.

 

 

Sa Bhreatnais / yn y Gymraeg

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Hafan / Home / Baile.