Dhá Fhile, Aon Reilig Amháin
 
1. Francis Ledwidge
 
File na hÉireann, básaithe i ngníomh le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
 
Rugadh Francis Ledwidge i Sláin, Contae na Mí, ar an 19
ú Lúnasa 1887 do theaghlach bocht líonmhar.

Taobh istigh de sheachtain tar éis don chéad chogadh domhanda briseadh amach do liostáil sé ins na Royal Inniskilling Fusiliers i mBaile Átha Cliath.

Sa bhliain 1915 bhí sé páirteach sa troid i gCuan Suvla sa Tuirc. Tar éis dó teacht slán as Gallipoli cuireadh trína chéile ag an scéal faoi Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath é. Cuireadh os cóir chúirt mhileata é agus cuireadh ísliú céime air as a bheith ró fhada aige baile agus a bheith ar meisce in éide.

Ar an 31
ú Iúil 1917, an chéad lá den Tríúl Cath Ypres, agus é amuigh le meitheal oibre in aice le Pilkem sa Bheilg do mharaigh sliogán fánach é. Cuireadh níos déanaí é san Reilig CWGC Artillery Wood, Boezinge, An Bheilg.
 
 
“He shall not hear the bittern cry
In the wild sky, where he is lain,
Nor voices of the sweeter birds
Above the wailing of the rain.”
 
As a dhán trí véarsa, ‘Lament for Thomas MacDonagh’. Nuair a chum sé é i gcuimhne ar dhuine des na ceannairí den Éirí Amach do bhí sé, i ngan, ag scríobh a mharbhna bhuain fhéin.
 




The Wife of Llew
Dán don Bhreatain Bheag le Francis Ledwidge...

June
Dán don samhradh le Francis Ledwidge...

A Robin on a Broken Tree
Ceithre líne ón a chroí istigh le Francis Ledwidge...



 
2. Ellis Humphrey Evans (‘Hedd Wyn’)
 
File na Breataine Bige, básaithe i ngníomh le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

Rugadh ar an 13
ú Eanáir 1887 in aice leis an tsráidbhaile, Trawsfynydd, i dtuaisceart na Breataine Bige é. Feirmeoir beag ab ea a athair.

Gnáthshaighdiúir den 15
ú Royal Welsh Fusiliers agus file saighdiúra den Chéad Chogadh Domhanda ab ea é. Ba laoch ag a muintir féin é mar gur bhuaigh sé ‘cadair’ (‘cathaoir’) na mbard sé uair as a chéile, éacht cosúil le bonn chluiche ceannais peile nó iománaíochta a bhaint amach in Éirinn. Léiríodh scéal a bheatha sa scannán Breatnaise mór le rá, ‘Hedd Wyn’, sa bhliain 1992.

Maraíodh é le linn ruathar ar na suíomhanna Gearmánacha ag Droim Pilckem ar an 31
ú Iúil, 1917. Cuireadh sa deireadh é san Reilig CWGC Artillery Wood, Boezinge, An Bheilg.
 
“Siúd cláirseacha ár gceoíl is ár n-amhrán
Ar chrochadh ar an saileach ag dreo,
Tá screadaíl na mbuachaillí sa séideán,
Is a ndearg-fhuil sa bháisteach bheo.”
 

As leagan Gaeilge den véarsa deireannach as a dhán trí véarsa, ‘Rhyfel’ (‘Cogadh’).

‘Hedd Wyn’. Tá sé casta an t-ainm cleite seo a mhíniú. Ciallaíonn ‘hedd’ ‘síochán’ – fadhb ar bith. Ba liosta le háireamh, áfach, na bríonna a bhaineann le ‘wyn’ (‘gwyn’ nuair a bhíonn sé ag cáiliú focail fhirinsceanaigh, de réir na rialacha, ach féach ar ‘Nell Gwyn’!). Bhuel, cad faoi ‘bán’, ‘fionn’, ‘álainn’, ‘beannaithe’, ‘naofa’ i dtosach báire...


Cymraeg

English

Cogadh na bhFilí
Tuilleadh faoin bheirt fhile seo.


An Dá Uaigh: An Dá Fhile
Suíomh a thaispeáineann na huaigheanna san lá atá inniu ann maille le cur síos...

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Hafan / Home / Baile.