Cuairteoir Éireannach in ‘Y Pentre gwyn’

Mar ar Lonnaigh Éireannach i gCeantar na Breatnaise tar éis an Ghorta Mhóir

Cuairteoir a fhanann go beo ar chuirtíní mo chuimhne ab ea Máirtín an Mangaire. Éireannach ab ea Máirtín a thug leis cuid mhaith de ghreann agus de dheisbhéalaí leanaí an Oileáin Ghlais. Ní raibh sé chomh slachtmhar ná chomh glan le hEos Mawddwy (cuairteoir rialta eile ‒ Eag.) ach bhí sé chomh meidhreach leis an gcuach agus bhí focal croíúil aige do chách. D’fhoghlaim sé roinnt éigin Breatnaise, ciotach, gioblach; ach do dhein a bhí aige dhi an chúis dá shlí bheatha go breá. D’impródh sé ciseán a bhíodh stropáilte dá dhroim, is do bhí sa chiseán sin aige an méid céanna éagsúlachta, nó níos mó féin, ná mar a bhí in Áirc Nóa! Bioráin, ceirteanna, ribíní, cíora, bréagáin, iallacha bróg srl. Bhíodh argóintí teasaí idir Mháirtín agus na cailíní ar ‘leic an dorais’. I dtosach báire, bheadh na hearraí “ró‒dhaor” ar chúis éigin. Ansin, déarfadh an bhean a’ tí nach raibh “dheamhan airgead” aici.

“Bhuel”, a déarfadh Máirtín, bhfuil aon rags ‘gat, nó craiceann c’nín? Mise thóg rud sin in áit airgid.”

Is cuimhin liom, uair amháin, go raibh dhá nó trí chraiceann coiníní agam. Chuaigh mé go dtí an botháinín chun iad a fháil.

“Cad a gheobhaidh mé uait orthu seo , a Mháirtín?”

“Fan ansin, a bhuachaillín, lig mé feiscint cad tá ‘gam i gciseán.”

Tharraing sé éagsúlacht rudaí amach, agus faoi dheireadh, rug sé ar roinnt éigin sean‒pháipéar.

“Bhfuil tú ábalta léamh Béarla, inis? Bhuel, seo duit páipéar cheannach mé in an Teach Mór, ‒ an ‘ Bow Bells’.”

“Cad a dhéanfaidh tú le rud mar sin? arsa mo mháthair. Ach bhí mé tar éis titim i samhlaíocht leis na ‘páipéir’ agus bhí sé ina mhargadh. Fuair Máirtín na craicne coiníní agus fuair mise an Bow Bells.

Rud beag bídeach gan aird a tharla. Fíor dhuit; ach do thosnaigh sé tréimhse nua i stair intinne buachalla amháin in ’Y Pentre Gwyn’ (An Sráidbhaile Bán). Cá mhéad uair a’chloig soineanta nár chaith mé in a dhiaidh sin i bhfuinneog an tseomra chodlata ag léamh an Bow Bells! Osclaíodh saol nua os comhair mo chuid samhlaíochta. Agus is mó oíche lonrach spéirghealaí, nuair a bheadh solas airgid na ré ag meascadh leis na scáthanna doimhneacha i ‘Coed y Barcud’ (Coill an Chúir), go mbeinn im shuí sa bhfuinneog, agus ag ceapadh go raibh mé ag feachaint ar an ‘marcach’ ag teacht amach as an gcoill leis an ‘maighdean’ a fhuascailt ar fuadaíodh le forneart í as go brách go dtí caisleán an namhad!

Is dócha go mbeadh a lán des na scéalta a léigh mé sa Bow Bells ag féachaint sách dochreidte um a dtaca so; ach, deirtear a déarfaí, bhíodar ina gcompánaigh shona ar mhaidin saoil; agus sa chúrsa sin, osclaíodh mo shúile go bhfaca mé tír dhraíochta dhiamhaire shamhlaíochta, críoch shíoraí na rómánsaíochta is na dtaibhreamh.

Máirtín An Mangaire! D’imigh tú leat ón mbord imeartha na blianta ó shin. Chruthaigh tú spraoi go léor ar do thriall, cé gur imir tú an corr ‘cleas Éireannach’ le do chuid sladmhargaí! D’athraigh an saol agus d’éirigh sé níos tapúla ó na laethanta úd i leith, nuair a bheadh ort leath uair a’chloig a chaitheamh le foireann biorán a dhíol! Ach dá mbeifeá fós ag fanúint i dtír na mbeo, ba mhaith liom thú a fheiscint seal le go bhféadfainn a rá leat cé chomh luachmhar liom is atá an lá úd a bhfuair mé an Bow Bells uait mar mhalairt ar chraicne coiníní! Cinnte go leor, a Mháirtín, níl aon chúis aithreachais orm mar gheall ar an ‘sladmhargadh’ údaí.

Um a dtaca so, tá na ‘sean pháipéir’ tar éis imeacht ar shlí an domhain uilig, cé’s móite leathanach amháin buí, briosc. Tháinig an ceann sin slán as chuile rud agus tá sé á choimeád agam in imleabhar de dhiagacht Unitéireach! Bím ag féachaint air ó am go céile, agus tagann cumha in aisce éigin fá mo chroí i ndiaidh na laethanta saoithiúla, ‒ an ‘sean am fadó’. Bím ag feiscint Mháirtín lena chiseán ar leic an dorais; bím ag feiscint mise mé féin i mo shuí i bhfuinneog an tseomra chodlata le luí na gréine, agus eagla orm nach gcríochnóinn mo léitheoireacht den scéal faoin ‘Marcach Dubh’ sa ‘Bow Bells’ roimh dheireadh an lae!

Le Robert David Rowland (Anthropos), ministir, iriseoir, agus file a rugadh sa tsráidbhaile Ty’n ‒y‒ Cefn, in aice le Corwen, i 1853. Tógadh an scéilín thuas as a leabhar éinbheathaisnéise Y Pentre Gwyn (’An Sráidbhaile Bán’) a foilsíodh i 1909. Is dócha gur tharla Máirtín an Mangaire a bheith sa leabhar de dheasca an Ghorta Mhóir. Fuair Anthropos bás i 1944.

Aistriúchán ón Bhreatnais: Comhluadar Chaerdydd.

An Briathar Saor Uimh. 4

Sa Bhéarla / In English

Sa Bhreatnais / Yn y Gymraeg.

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Baile / Home.