An Ghaeilge – Nod don Eolach!


Teanga shinsearach den n
íos mó ná 70 milliún daoine de shliocht na hÉireann atá ina gcónaí ar fud an domhain mhóir is ea an Ghaeilge. De réir an daonáireamh den bhliain 1841 bhí an Ghaeilge ag sé milliún daoine ag an am sin. Inniu is beag má tá 100,000 da cainteoirí dúchais le fáil ina críoch bhaile. Ach mar sin féin bhí tionchar bunaidh aici i bhforbairt litríocht na hÉireann sa Bhéarla agus scrítear, foilsítear agus léitear go fóill í ag a tacadóirí dílse.



Teanga mhór is ea an Ghaeilge toisc gurb í siúd an teanga a d'eascair ar feadh na gcéadta bliain as cine mór, na hÉireannaigh dochloíte. Ba iadsan, ar cuireadh scaipeadh na mionéan orthu ag bochtaineacht agus daorsmacht, a chruthaigh an feineiméan úd ar thug sraith teilifíse RTÉ / BBC 'Impireacht na hÉireann' air roinnt blianta ó shin.



Impireacht an chroí, impireacht na hintinne, impireacht den chuimhne pháirteach a nochtadh go beo sa dá theanga mhóra Éireannacha atá i gceist againn anseo. Chuir an scaipeadh éiginteach ar fud an domhain de phobal imeallaithe bochtaithe a bhféile náisiúnta, Lá 'le Pádraig, chun cinn sa chaoi is nach bhfuil aon fhéile eile sa domhan seachas Féile na Nollag atá níos aitheanta agus níos ceiliúraithe anois ná í.



Fadó, nuair a bhí an Bhanrion Eilís ag iarraidh muintir na hÉireann a cheansú dúirt oifigeach Sasanach lena fho-oifigigh, agus é á chur ina luí orthu go ndéanfaí gach aon iarracht leis an Ghaeilge a chur ar ceal:



Os Gaelach í an teanga ní foláir don chroí a bheith Gaelach dá bharr.”



Bhí an t-oifigeach Sasanach sin beagnach ceart ach ní go hiomlán ceart toisc go bhfuil slí eile ann chun a bhriathra a thuiscint:



Os Gaelach í an croí ní foláir don teanga a bheith Gaelach dá bharr.”



Ba iad croíthe agus intinní Éireannacha iad siúd a chruthaigh, ar feadh dhá mhíle de bhlianta, an teanga mhór áirithe seo.



Ag scríobh dó sa The Times (Londain) ar an Satharn 31 Bealtaine 2003 faoin léirscrios diaidh ar ndiaidh de Ghaeilge na hAlban dúirt an colúnaí Ben MacIntyre:



Sin í gaois theanga: an domhan a dheilbhiú trí shúile aonair agus i bhfocail áitiúla. Sainmhínigh an Gàidhlig slí faoi leith le féachaint ar an saol mór.



Scríobh file mór na Gàidhlige san ochtú haois déag, Donnchadh Bàn MacIntyre, faoin léargas lárnach cultúrtha seo: “Chan fhaca tusa í leis na sùilean agamsa.”



Do Donnchadh Bàn ba iad na focail dá theanga Ghaelach na súile a bhfaca sé 'í' agus gach aon rud eile tábhactach tríothu.



An féidir le héinne eile moladh dá leithéid seo a shárú?



Bhuel, b'fhéidir go dtagann Nuala Ní Dhomhnaill gar go leor leis:



Teanga atá i bfhad Éireann solúbtha agus íogair chroíúil is ea an Ghaeilge. Tá sgigmhagúileacht tobann inti maille le líonmhaireacht tagairtí don stair agus don scéalaíocht. Arm is ea í a bhfuil an tsamhlaíocht ina doimhne agus ina leithne ag baint lena húsáid. Tá na féidireachtaí ag baint léi ar chuir na daoine ina nglúine faghairt iontu go dtí go bhfuil sí in inmhe gach nod de shuathadh mothúcháin is féidir a thitim amach i measc daoine a chur i bhfriotal. Tá go leor scoláirí idirnáisiúnta ann a théann le sceitimíní faoin teanga seo de chosmhuintir ghiobalach á rá go bhfuil an fhilíocht ar tí eascairt aisti i gcónaí.”



(‘Why I Chose to Write in Irish: The Corpse That Sits Up and Talks Back’, san The New York Times, 8 Jan. 1995; luaite san 'US Navy Academy Irish Literature Website')

Má tá sí agat cheana féin tá tú i measc lucht na pribhléide.

Muna bhfuil sí agat, foghlaim í más féidir leat an t-am agus an spás chuige sin a aimsiú!





A Word for Irish!

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Abhaile / Home / Hafan