Marbhna Nualaí
Mo mháthairín a chéad cheannaigh í,
Nualaí an bhudgie bhuí ghlas,
Ina cáitsín beag geal do mhair sise seal
Is a hamhráinín groí do chas.

Puinn feola ariamh níor bhlais sí,
Níor ól sí fiú braoinín poitín,
Ach ba mhil léi an sloigín fíoruisce,
Is ba fhéasta léise gráinnín.

Ba ghleoite linne a súile
Is a goibín de shíor ag meilt,
Fallaingín mín ab ea a cleití
Chun a sciatháiníní a chonneáil faoi cheilt.

Ba luaineach ab ea í ag eitilt
Ar fud seomraí geala an tí,
Is ba bhreá léi a bheith seal suite
Go hard ar bharr an chuirtín.

Ach le déanaí do éirigh sí tinn,
Is sa cháitsín do bhí sí go fann,
Gan lúth ina cosa cipín,
Ba bheag má bhí sise ann.

Trí lá 'sea do bhí tinneas uirthi
In a hothairín bídeach is tréith,
Á téamh ar bhrollach mo mháthar
Gur fágadh an t-éinín gan dé.

Bean chaointe ab ea í, mo mháthair,
Do lean an tórramh dhá lá,
Cuireadh í sa gháirdín faoin ithir —
Bláithín beag i gceartlár na mbláth.

Go mbeannaí ár nDia do gach budgie
In Éirinn is san Astráil i gcéin,
An tír as a bhfuadaíodh a sinsear
Le faoiseamh a thabhairt dúinn i bpéin.

Le Barry Tobin, 8 Samhain, 1993.

English

Grianghraf / Photo.

Abhaile / Home