Oíche Nollag

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc;
Adaigh an tine is téir chun na leapa:
Luífidh Mac Dé ins an teach seo anocht.

Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An Mhaighdean a thiocfaidh is a Naí ar a hucht;
Deonaigh do shuaimhneas a ligean, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an teach seo anocht.

Bhí soilse ar lasadh i dteach sin na haíochta,
Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an teach seo anocht.

****************

Le Máire Mhac an tSaoi.

English

Christmas Box.

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg.

Baile / Home.