Oilithreach

 

Faoi scáth na sceiche do chonacsa é

A cheann ar bhurla na péine,

Sos ar an aistear a bhí dian le tamall

Ar 'Mac' is ar chriathrach a chléibhe.

 

Tagann cumha i ndiaidh na n-oícheanta a bhí

Feadh acra glasa na hÉireann:

Teaspach rinnce is tuilte fán chroí,

Is an draiocht sa cheol binn aerach.

 

Nuair a thagann a shiúl is a phian chun deiridh

Faoi scáth chruach fhéir nó caorthainn,

An dtiocfaidh Matholwch le slua da mhairc

Is é a thabhairt abhaile go hÉirinn?

 

An file Vernon Jones a chum an dán Pererin sa Bhreatnais.

Barry Tobin a rinne an t-aistriúchán.