Naomh Pádraig is na Gaeil

Éarlamh na hÉireann is ea Naomh Pádraig. In ár laethanta féin tá a fhéile, an 17 Márta, aitheanta mar an fhéile náisiúnta is mó le rá agus is mó i mbéal an phobail i measc féiltí náisiúnta an domhain go léir.

Rugadh sa Bhreatain é, nuair a bhí an tír sin fós ina cúige Rómhánach, i mbaile éigin ar chósta iarthar an oileáin. Níl na scoláirí ar aon intinn faoin stair agus mar sin is féidir a rá (ach bí cúramach!) gur Breatnach ab ea é!

Ar aon nós, nuair a bhí sé thart fán a cúig bliana déag d’aois, rinne drong foghlaí mara as Éirinn ionradh gan choinne ar an mbaile sin, agus ar na sclábhaithe a bhain siad leo go hÉirinn do bhí Pádraig óg.

Cheannaigh feirmeoir ina sclábhaí é agus ina dhiaidh sin, ar feadh sé bhliain chruaidh, thug sé aire do chaoirigh ar shleasa Shliabh Mis i gContae Aontroma.

Faoi dheireadh d’éirigh leis éaló. Chuir sé aithne ar mhairnéalaigh cháirdiúla a thug cead dó taisteal leo agus is mar sin a bhain sé an Fhrainc amach.

Roinnt blianta níos déanaí, sa bhliain 432, thuirling Pádraig, a bhí ina easpag um a dtaca sin, ar chósta na hÉireann le grúpa beag ina raibh sagairt, manaigh agus mná rialta.

Is sa tslí sin a thosnaigh sé ar a fhiontar mór – na hÉireannaigh phágánacha a dhéanamh ina gCríostaite, slí annamh go leor i stair na cruinne le díoltas a imirt.

Nuair a fuair ár naomh bás sa bhliain 493 bhí an t-oileán go léir tar éis athrú, bhí formhór na ndaoine ina gCríostaithe agus bhí na finnscéalta ina thaobh ag tosnú cheana féin. Ar na finnscéalta sin is dócha gurb é an ceann is mó atá fós i mbéal an phobail ná an scéal faoin tseamróg agus an Trionóid Naofa.

Nuair a tháinig sé lena chomhrádaithe i láthair an Rí Laoghaire i dTeamhrach do dhein sé iarracht an Chríostaíocht a mhíniú. Ní raibh aon fhadhb mhór aige go dtí gur thosnaigh sé ag cur síos ar an Trionóid. Scairt an rí agus na huaisle amach ag gáire.

Níor chaill an t-easpag naofa, a chur mion-aithne ar phlandaí na hÉireann le linn na mblianta i mbun na gcaorach, a stuaim ach chrom sé síos agus thóg sé seamróg agus dúirt sé leis an rí: “Seo mar atá an Trionóid naofa, ina bhfuil Dia amháin agus triúr pearsa, díreach mar atá gas amháin agus trí dhuilleog ag an bplanda seo!”

Anois ceiliúrann daoine a fhéile i mbeagnach gach tír sa domhan, ní hamháin leis an Aifreann agus searmanais reiligiúnda eile, ach le mórshiúltaí, le cóisirí, le discónna, le carnabhalanna, le seóigh, le spraoi agus le gach sórt eile.

Ní féidir gan a rá gur lá mór é dos na hÉireannaigh agus dá gcomharsana i ngach áit. Ach, mar sin féin, baineann an brón freisin lenár bhféile mhór náisiúnta seo.

Ní mór dúinn a choimeád i gcuimhne gurb iad an tSamhain, nuair a tháinig an geimhreadh leis an mbás, agus an Bhealtaine, nuair a tháinig an samhradh leis an mbeatha, an dá mhí ba mhó le rá sa tsean fhéilire in Éirinn. Ar aon dul leis na míonna sin atá anamacha na nGael, dorcha is duairc cosúil leis an tSamhain agus geal is suairc cosúil leis an mBealtaine. B’fhíor duit a rá faoin Éireannach mar sin, is cuma an in Éirinn nó thar lear atá sé: “Tá an t-áthas ar a aghaidh mar go bhfuil an brón i dtaisce aige in a anam!”

Ar aon nós, in ainneoin na ndeochanna is na gcóisirí scóipiúlá, is é atá taobh thiar den cheiliúradh seo ar fud an domhain ná an eisimirce uafásach a tharla tar éis an Ghorta Mhóir (1845 - 1850) a bhris spiorad na ndaoine.

Idir 1850 agus 1960 d’fhág thart fá sé milliún daoine, fir, mná agus leanaí, a dtír dhúchais le slí bheatha a fháil i mbeagnach gach tír sa domhan. Fós in ár laethanta féin níl ach cúig milliún daoine ina gcónai in Éirinn go léir, a chiallaíonn nach bhfuil aon tír eile san Eoraip ach amháin Éire le níos lú daoine ná sa bhliain 1850.

Tá brón amháin eile a bhaineann leis an ainm, “Naomh Pádraig’. Ar an 12 Meán Fómhair, 1998, bhí Uachtarán Mheicsiceo, an tUasal Ernesto Zedillo, i láthair ag searmanas sa Plaza San Jacinto i gCathair Mheicsiceo chun onóir a thabhairt do 30 Éireannach. Saighdiúirí ab ea iad, baill den ‘Batallón San Patricio’, in arm Mheicsiceo le linn an chogaidh idir na Stáit Aontaithe agus an tír mhí-ámharach sin sa bhliain 1848.

Ar an 12 Meán Fómhair den bhliain sin, tháinig grúpa saighdiúirí Meireacánacha isteach sa chathair tar éis dóibh an bua a fháil ar arm Mheicsiceo. Nuair a ghéill na saighdiúirí Meicsiceacha dhóibh chroch siad na 30 Éireannach, á rá gur ‘fealltóirí’ iad mar thréig siad arm na Stáit le troid ar son Mheicsiceo sa chogadh éagórach sin.

Sin é an fáth gur laochra iad an 30 ‘San Patricios’ i stair Mheicsiceo agus cladhairí i stair na Stáit. Sin mar a bhíonn an cogadh agus an stair.

Is ar an ábhar sin, nuair a bhím ag ól mo phionntaí Guinness ar Lá ‘le Pádraig gach 17 Márta, cé go mbainim taitneamh agus spraoi as an lá ar fad, go mbím ag smaoineamh freisin ar an nGorta Mór in Éirinn, ar an eisimirce uafásach ina dhiaidh is ar na laochra den tsean ‘Batallón San Patricio’ agus iad ar crocadh le céile des na rópaí socra ar an scafall fada i gcearnóg thréigthe i gCathair iargúlta Mheicsiceo.

Barry Tobin a scríobh.

Saint Patrick’s ‘Pot’ – Drinking the Health of the Saint.
A folktale translated from Irish: how St. Patrick ordered drinks on the house!

Lá Féile Pádraig sa Klondike.
St. Patrick's Day in the Klondike during the goldrush.
In Irish with translations into English and Welsh.

******************

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Baile / Home.