Préamhacha
 
Is an crann ar an gcnoc
is an cnoc ar an dtalamh
is an talamh
ar an dtada (nóta 1)
 
* * *
Uair amháin, fadó fadó is níos mó ó shin,
do shaol lán de thodhchaí,
rugadh in dá bhrollach
meangadh beag amháin –
agus é sin de thaisme.
 
Is i ngan fhios
cuireadh síol
de iontaisí
in dá chroí.
 
Tháinig go hobann
amach as neamhní
lena phréamh a ropadh.
 
Is lá amháin,
gan aon éileamh,
tháinig péacán
 
ina amáireach go léir . . .
uair amháin, fadó fadó is níos mó ó shin.
 
* * *
Craobh ar chraobh
bíonn éan
ag déanamh baile bhreá (nóta 2)
den mhaidin fhuar,
 
duilleog ar dhuilleog, cleite ar chleite,
bailíonn sé go slachtmhar
troscán a shamhlaíochhta
le barr a ghoib,
 
buille ar bhuille (nóta 3)
iompraíonn sé leis
rún a dhomhain bhig
i nótaí beaga:
 
"Tairse liom féinig go dtí an áit idir oíche is lá,
áit go mbíonn an ghrian is an ghealach ina meangadh,
áit go mbíonn searc na réalt ina seanchas,
áit ná bíonn an scéal riamh sean ann.
 
“Tairse liom féinig go dtí an áit idir chéimeanna an damhsa,
áit go bhfuil gach cleite ina amhrán,
áit go bhfuil caonach ina veilbhit álainn,
áit go bhfuil mo chroí tré thine ann.
 
“Tairse liom féinig go dtí an áit idir dhá gheimhreadh,
áit go bhfuil an samhradh ag moilliú go déanach,
go dtí an réigiún idir an spéir agus an tír,
áit go gcíonn fíor na spéire an fhírinne ann.
 
“Tairse liom féinig go dtí an áit
os cionn an tsaoil
ionas go gcuardóimis an bearnas
atá ina neamh go léir –
galánta breá is ea an áit
ina mbeimid ábalta an t-iomlán a roinnt ann." (nóta 4)
 
Nóta ar nóta
bíonn éan
ag mealladh an ghrá
le fuaim cheiliúir.
 
Is fé chioth de chonfití,
go faiteach go dtí an chraobh leochaileach,
d’eitil sise go dtí nead a croí,
go dtí geallúintí.
 
Go tláith a bhí na heití ar fhiontar cúramach (nóta 5)
ag brú an lae laistíos di
chun í a ardú.
 Go teann a bhí an síol luath
ag sá a phréimhe go doimhneas na cré
is ag cuardach beathaithe
chun í a chothú.
 
A chothú, a choimeád, a ardú
níos aoirde is níos aoirde
ar a haistear,
is uair amháin, fadó fadó is níos mó ó shin,
tháinig teaghlach nua
a chuaigh i bhfolach idir chraobhacha
an chrainn shíoraí.
 
* * *
Ansan, uair éigin idir anois is roimhré,
in áit éigin idir an glas is an gorm, ar rás na gaoithe,
go dtí an nead tháinig gearrcach;
is leis an ngearrcach tháinig an saol go léir
le dul i bhfara féna cleití suaimhneacha.
Feasta, dise, bhí laethanta na heitilte,
in áit éigin ró bhreac dá cuimhne.
 
Is i gcónaí, d’fhás na préamhacha balbha
le linn di fanúint i dteas an chaonaigh chlúthair,
chun eolas a bhealaigh i ngairdín an tsaoil
a mhúineadh don rud beag.
* * *
Ach slán a fhágaint ar eite mear
do dhein a céile gur thóg sé a cheiliúradh
is a chuid grá go dall go ball eile,
 
is le ruathar na séasúr
shleamhnaigh neamh na beirte go dtí amáireach éigin,
d’éirigh an áit bhán sin mílítheach (nóta 6)
in earrach is i samhradh –
is d’imigh ar strae idir dhá gheimhreadh,
 
an áit
sular dhathaigh an ghrian an fómhar,
sular chuir sé fearthainn i ndoimhneas an chroí fhuair,
sular loinnigh lann i ngach braon
ag scoilt na báine
ina bogha báistí ró éasca lena leanúint,
 
an áit ghalánta bhreá
ná leomhadh go dtí seo préachán ná éan breac teacht ann ,
an t-aon áit
an t-aon bhall san
ina eitlíodh inné uair amháin
beirt den dath céanna ar an dturas céanna.
 
* * *
Chomh follamh is ea an nead a chothaíos oíche
is gan ach brionglóid ag fanúint inti,
chomh follamh is ea teallach a chothaíos siansa (nóta 7)
is gan ach cogarnach sa láimh,
chomh follamh is ea an rá a chothaíos fearg,
chomh follamh is ea an croí a chothaíos bréag,
chomh huaigneach is ea gan ach ainm a chothú.
 
* * *
Le ciseán féna hascaill aici
tá sí ag oscailt an dorais
le barróg a bhreith ar an lá le glaine,
bán, bán, níos báine ná bán,
 
tá sí ag ceilt na gclathaca le bréaga na mbráillíní glana
is ag ofráil na bhfo-éadaí
ina n-íobairt ar altóirí an gharráin,
 
ansan, go cúramach,
crochann sí na léinte ar an líne
is iad a ligeann lena dtuar go bán,
níos báine ná bán, fé ghoirme na neimhe,
ina bhfuil maithiúnas
chomh bog le gallúnach
ag cumhrú leoithní an gharraí,
 
is le méara dearga a lámh dearg,
tá sí ar tarrac na téide go mall
is ag ardú brataí báine amháin suas go dtí an ghrian,
 
bán, bán, níos báine ná bán.
 
Is i gcónaí,
níl ann ach díoscán an ghnímh seo amháin
a bhíos ag cur isteach ar chiúnas an deasghnátha bhailbh.
 
* * *
Ansan, i mball béal dorais thall . . .
 
i gcuallacht na seacht snag breac   (nóta 8)
tá siosarnach cogarnacha aduaine,
is ó phuilpid ghlas a gcraoibhe
tá an saol níos duibhe ná bán;
seanmóirí amháin is sé dhéagánach
i measc na nduilleog i bpaidir na ngrás
ag caoineadh fé dhóláis
an pheacaigh is measa dá bhfuil;
i rúndiamhair mhór a gcomaoineach
cloistear grágaíl fé’n athair,
roimh focail an iomainn a threorú –
nigh é go gléghlan ins an bhfuil;   (nóta 9)
cionn is ar altóir adhmaid na snaganna breaca
dubh an t-arán, dubh an fíon,
mar ná mian le ceann amháin acu a aithint
a dheirge is atá dath a bhfola féin;
 
fad is a bhí guthanna na sé snag breac
ag beathú na seanmóra ón bhinse mór,
shéid sise a paidir bheag ar chleite –
tá mé do do iarraidh thú gach uair.   (nóta 10)
 
* * *
Is ins na laethanta údaí,
uair éigin i ndiaidh thionól na snaganna breaca,
bhí a fhios aici go raibh deireadh an tsamhraidh tagtha.
 
Tháinig an t-am don níochán a bhailiú,
is don bratach a ísliú,
is do mórtas a meangaidh a chur uirthi,
go bán, bán, níos báine ná bán,
i gcoinne shalachar an tsaoil.
 
* * *
Gan sciatháin i gcónaí,
greim daingean a choimeád
a dhein snadhm na bpréamhacha balbha,
is iad ina dtaca dá meangadh den chiúnas,
is a scéal brónach mar a bheadh caibidil de osnaí –
sin an méad.
 
Ach go fírinneach, go fírinneach,
d’fhan sí ina doilíos
ar an gcrann síoraí
de ló is de oíche
is ar feadh na ngeimhrí fada,
 
is gan bacadh le cogarnach na seacht snag breac
thug sí a haird ar dhul i bhfolach i meangadh,
 
is sa mheangadh so bhí amhrán
ag cruinniú a deor i nótaí beaga,
iad réidh lena ndoirteadh ina ndrúcht
maidin amháin, gan focail, ar a croí –
is é a ghealadh go glé:
 
"Tairse liom féinig ar ais go dtí an áit
ina bhfuil mo chroíse tré thine,
ina mbeimidne arís ábalta é go léir a roinnt,
 
an áit ghalánta bhreá
san earrach is sa tsamhradh
idir dhá gheimhreadh."
 
Agus lá amháin, is a meangadh fós go teann,
do tháinig sé ar ais go dtí an áit bhán,
le breathnú uirthi ag glanadh a hanama
go dtí ciúnas an deannaigh is na láibe,
 
do tháinig, do thóg is do choinnigh í,
in aon osna éatrom amháin,
roimh thitim
ina mbeirt,
mar a bheadh duilleog, mar a bheadh cleite,
maidin órga amháin is an samhradh thart,
go dtí leaba an teallaigh dheireanaigh,
 
fé’n gcrann
ar an gcnoc
ar an dtalamh
ar an dtada.
 



 
Mererid Hopwood a chum sa Bhreatnais.
 
Le linn don Eisteddfod Náisiúnta 2001 bhuaigh an bhanfhile seo ‘Cadair’ (‘Cathaoir’) as dán fada sna meadarachtaí traidisiúnta a chumadh. Ba í an chéad bhean riamh a fuair an duais seo.
 
Le linn don Eisteddfod Náisiúnta sa bhliain 2003 bhuaigh sí an ‘Coron’ (‘Coróin’) don dán seo thuas. ‘Gwreiddiau’ ab ea an teideal sa Bhreatnais. Níl aon rialacha meadarachta leagtha síos i gcomhair chomórtas an ‘Coron’. Mererid Hopwood ab ea an tríú bean riamh a bhuaigh an duais seo – bhuaigh bean don chéad uair é caoga bliain ó shin.
 
Nótaí:
 
1. Bheadh ‘ar an neamhní’ níos fearr ó thaobh na Gaeilge dhe.
2. Níl aon tslí shásúil leis an focal ‘cartref’ (‘home’) a aistriú go Gaeilge.
3. ‘Buille’ (‘curiad’). Níl mé cinnte an buille croí nó buille scatháin atá i gceist – d’fhéadfaí glacadh leis an dá bhrí, is dócha.
4. Tá an píosa álainn seo idir chomharthaí luaite bunaithe ar amhrán le file anaithnid sa bhéaloideas. Tá sé scríofa i gcanúint an deiscirt.
5. Is é an bhrí atá le ‘fiontar’ (‘menter’) anseo ná gníomh nó éacht a bhfuil gaisce nó dánaíocht ag baint leis.
6. Ciallaíonn an focal ‘gwyn’ go bhfuil dath bán ag baint le rud nó go bhfuil sé naofa nó coisricthe nó beannaithe nó go bhfuill sé caomh nó álainn. (mar shampla: ‘Nell Gwyn’).
7. Focal an-álainn is ea ‘aelwyd’ a chiallaíonn ‘tinteán’, ‘teallach’, ‘teaghlach’ nó ‘baile’ sa bhrí is áille.
8. Ciallaíonn ‘seiat’ (ón Bhéarla ‘society’) cruinniú reiligiúnda de shórt éigin i measc na Neamhaontach.
9. Líne as iomann clúiteach sa Bhreatnais.
10. Líne as iomann eile sa Bhreatnais. Tá comhréir na Gaeilge, ‘do do iarraidh thú’ bunaithe ar an mBreatnais, "yn dy (‘do’) eisiau di (‘thú’)".
 
* * *
Barry Tobin a d’aistrigh. Tá an t-aistriúchán go léir, chomh fada agus ab fhéidir é, scríofa i nGaolainn na Mumhan.
 
 
Mererid Hopwood
Dhá véarsa faoin bhanfhile.

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg.

Baile / Home.