Adhlacadh mo Mháthar

Grian an Mheithimh in úllghort,
Is siosarnach i síoda an tráthnóna,
Beach mhallaithe ag portaireacht
Mar scréadstracadh ar an nóinbhrat.

Seanalitir shalaithe á léamh agam,
Le gach focaldeoch dár ólas
Pian bhinibeach ag dealgadh mo chléibhse,
Do bhrúigh amach gach focal díobh a dheoir féin.

Do chuimhníos ar an láimh a dhein an scríbhinn,
Lámh a bhí inaitheanta mar aghaidh,
Lámh a thál riamh cneastacht seana-Bhíobla,
Lámh a bhí mar bhalsam is tú tinn.

Agus thit an Meitheamh siar isteach sa Gheimhreadh,
Den úllghort deineadh reilig bhán cois abhann,
Is i lár na balbh-bháine i mo thimpeall
Do liúigh os ard sa tsneachta an dúpholl,

Gile gearrchaile lá a céad chomaoine,
Gile abhlainne Dé Domhnaigh ar altóir,
Gile bainne ag sreangtheitheadh as na cíocaibh,
Nuair a chuireadar mo mháthair, gile an fhóid.

Bhí m’aigne á sciúirseadh féin ag iarraidh
An t-adhlacadh a bhlaiseadh go hiomlán,
Nuair a d’eitil tríd an gciúnas bán go míonla
Spideog a bhí gan mhearbhall gan scáth :

Agus d’fhan os cionn na huaighe fé mar go mb’eol di
Go raibh an toisc a thug í ceilte ar chách
Ach an té a bhí ag feitheamh ins an gcomhrainn,
Is do rinneas éad fén gcaidreamh neamhghnách.

Du thuirling aer na bhFlaitheas ar an uaigh sin,
Bhí meidhir uafásach naofa ar an éan,
Bhíos deighilte amach ón diamhairghnó im thuata,
Is an uaigh sin os mo chómhair in imigéin.

Le cumhracht bróin do folcadh m’anam drúiseach,
Thit sneachta geanmnaíochta ar mo chroí,
Anois adhlacfad sa chroí a deineadh ionraic
Cuimhne na mná d’iompair mé trí ráithe ina broinn.

Tháinig na scológa le borbthorann sluasad,
Is do scuabadar le fuinneamh an chré isteach san uaigh,
D’fhéachas sa treo eile, bhí comharsa ag glanadh a ghlúine,
D’fhéachas ar an sagart is bhí saoltacht ina ghnúis.

Grian an Mheithimh in úllghort,
Is siosarnach i síoda an tráthnóna,
Beach mhallaithe ag portaireacht
Mar scréadstracadh ar an nóinbhrat.

Ranna beaga bacacha á scríobh agam,
Ba mhaith liom breith ar eirbeall spideoige,
Ba mhaith liom sprid lucht glanta glún a dhíbirt,
Ba mhaith liom triall go deireadh an lae go brónach.

Le Seán Ó Ríordáin (1917 – 1976).

Éist leis an bhfile á léamh

Seán Ó Ríordáin -
Clár fáisnéise sa Ghaeilge le fotheadil sa Bhéarla a leanann beagnach 52 nóiméad.

English

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Leathanach Baile