Sa Dá Pháirc

 

Cad as a roll í féin an bhóchna sholais

A raibh a grinneall ar Mhóinteach Pháirc na mBláth is ar Pháirc na

mBláth?

I ndiaidh dom fiafraí ar feadh i bhfad sa tír dhorcha,

Cad as a dtáinig, an té a bhí ariamh?

Nó cé, cérbh é an t-urcharaí, an soiléiritheoir tobann?

Beo fhigaí an mhachaire ab ea rollaí na bóchna,

Go hard os cionn na bhfeadaílithe píoblonracha, os cionn ghlicruathar

na bhfeadóg,

Do bhronn ormsa an tsíocháin mhór.

 

Do thug domsa corraí san áit nach raibh

Ach corraí intinn na gréine ag cumadh rann teasa,

An t-aiteann aibí ar na claíocha ag pléascadh,

An slua luachra ag brionglóidiú glinntí gorma an aeir.

Cé bhÌos ag glaoch nuair a dhúisíos an tsamhlaíocht?

Éirigh, siúl, bí ag rinnce, féach ar an gcruinne.

Cé tá ag folmhú féin i measc na bhfocal?

Mar seo a bhí ar Mhóinteach Pháirc na mBláth is ar Pháirc na mBláth.

 

Is nuair a bhí scamaill mhóra theifeacha oilithreacha

Go dearg um chlapsholas is um anfa Shamhna

Thíos ins na fuinseoga is ins na mailpeanna a dhealaigh na páirceanna

Do bhí duan na gaoithe is doimhneas mar a bheadh doimhneas an

chiúnais.

Cé atá, i lár na barraíochta is na poimpe?

Cé atá ag seasamh is ag cuimsiú?

Finné gach finné, cuimhne gach cuimhne, beatha gach beatha,

Ceansaitheoir ciúin chrá an leithleachais.

 

Nó go mbailití ón domhan uilig tréimhsi don chiúnas

Is ar an dá pháirc do shiúladh a phobal,

Agus tríothu, eatarthu, umpu do leathnaítí

Inspioráid ag éirí ón bhfolach, ag breith ar an uile ní,

Dála linne an scata nuair a bhíodh ruathar le pící

Nó sábháil na luachra lasrach thall fán mhóinteach trom.

Chomh gar lena chéile a thagaimis –

Bhiodh an fiagaí ciúin ag caitheamh a lín umainn.

 

Ó, feadh aoiseanna le fuil ar an bhféar is tríd an solas,

Cé an fhead nach gcloiseann ach ucht? Ó, cerbh é?

Bréagnaitheoir gach díomáis, reathaí gach raoin,

Brostaigh! An t-Èalaitheach ó na hairm

Ag feadaíl aithne, aithne nó go mbeadh aithne.

Mór a bhí comhléim chroíthe i ndiaidh an reo righin.

Do bhí fuaráin áirithe ag brúchtadh i dtreo na neimhe

Agus ag titim ar ais is a ndeora mar a bheadh duilliúr craoibhe.

 

Uime seo a mheabhraíonn an lá faoi ghrian is faoi scamall

Agus an oíche tri na cealla go dtina mórmhullach inchinne.

Chomh socair atá siad agus ise lena hanáil

Os cionn Mhóinteach Pháirc na mBláth is Páirc na mBláth gan bhacainn,

Is a ngreim ar an sainrud, na páirceanna lán le daoine.

Is cinnte go dtiocfaidh déine, is cibé am é

A thiocfas an gadaí, tiocfaidh an fiagaí, tiocfaidh an t-éilitheoir ón

bhearnas,

Tiocfaidh an Rí Ionnarbthach agus an luachair ag scoilteadh.

 Dán sa Bhreatnais, 'Mewn Dau Gae': Waldo Williams, 1904 – 1971.

Aistriúchán: Barry Tobin.

 


Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.

Hafan / Home / Baile.