Sliabh Geal gCua

Ó a Shliabh geal gCua na féile, is fada uait i gcéin mé,
I m’shuí cois cuain im’ aonar go tréithlag faoi bhrón :
An tuile bhuí ar thaobh díom ‘dir mé ‘gus tír mo chléibhe,
Is a Shliabh geal gCua na féile nach géar é mo sceol.
Dá mbeinnse i measc mo ghaolta i Sceichín glas na séimhfhear,
Nuair a scaipeann teas na gréine ó spéir gheal gan smál,
Nó dá mbeinnse ansiúd fé‘n réaltain nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann;
Ó a Shliabh geal gCua nár dhéirc sin dá m’fhéidir é ‘fháil.

‘Sé mo léan nach bhfuair mé tógaint le léann is mórchuid eolais :
I nGaoluinn uasal cheolmhar ba sheolta mo bhéal.
Ó thabharfainn cuairt thar sáile is thabharfainn bua thar barr chugat
Mar, a Shliabh geal gCua, ba bhreá liom thú ‘ardú fé réim.
Mo ghrása thall na Déise ‘dir bhánta, ghleannta is shléibhte
Ó shnámhas anall thar tréanmhuir táim tréithlag gan bhrí;
Ach ó b’áil le Dia mé ‘ghlaoch as, mo shlánsa siar go hÉirinn,
Agus slán le sliabh na féile le saorghean óm’ chroí.


Le Pádraig Ó Miléadha (1877-1947).

*******************

I gceantar Shliabh gCua in iarthar Chontae Phort Láirge is i gceart lár na nDéise sea rugadh Pádraig Ó Miléadha i 1877. Tógadh ag a sheanathair, Muiris, é. Focal Beárla ní raibh ag Muiris ach mar sin féin, nuair a chríochnaigh Pádraig a scolaíocht sa scoil ‘náisiúnta’ áitiúil ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aige. D’fhoghlaim sé féin na scileanna seo áfach is é fós ina dheagóir ina áit dhúchais fhéin.

Timpeall 1903 d’fhág sé Éire is lonnuigh sé i gClydach, baile beag i gceantar tionscalaíochta i gceantar Abertawe (Swansea). Fuair sé post ainsin i monarcha nicile Mond, phós sé bean ó na Déise is saolaíodh leanaí dóibh. Bhí an Bhreatnais an-láidir i gClydach sna laethanta úd roimh an Chéad Chogadh Domhanda agus bhí roinnt éigin den teanga ag na leanaí, amhráin ach go háirithe.

Is sa Ghaeilge, áfach, a bhí dúil Phádraig i gcónaí agus ghlac sé páirt go fonnmhar in obair an Chonartha (Conradh na Gaeilge) i measc na ndeoraithe as Éirinn. Níor sheachain sé an pholaítíocht ach oiread agus um 1914 bhí sé páirteach in Óglaigh na hÉireann a raibh ‘cathlán’ acu le geall le 100 baill go gníomhach sa cheantar.

I 1993 taiféadadh leagan an-álainn de ‘Sliabh geal gCua’ ag Mary Greene as Cathair Chorcaí sa chaisín ‘The land you love the best’ le Noel Shine agus Mary Greene. Is féidir an caisín sin a fháil ó : Gael-Linn, 26 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Guthán- (01) 6767283. Nó is féidir na focail maille leis an gceol a fháil i ‘Ceolta Gael’ (Imleabhar 2) le Seán Óg agus Manus Ó Baoill, foilsithe ag Cló Mercier, 4 Sráid an Droichid, Corcaigh. Guthán-(021) 275040.

Scríofa ag Barry Tobin.

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Another telling of the story!

An English ‘translation’ (as ’accurate’ as could be achieved by an amateur) of part a long poem by Pádraig Ó Miléadha, ‘Trí Glúine Gaedhal’ (‘Three Generations of Gaels’) published in Dublin in 1953. In the section translated he gives a graphic account of his journey to, life in and eventual return to Ireland from the Swansea Valley, South Wales.

Hanes Pádraig Ó Miléadha yn y Gymraeg

Mynydd Cŵa Disglair (Sliabh Geal gCua)
Cân Pádraig Ó Miléadha yn y Gymraeg.

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile